Site logo

Gailearaí: Seoladh Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha

Sheol Aogán Ó Fearghaíl, Uachtarán CLG, Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, fondúireacht nua i bPairc an Chrócaigh aréir.  Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an CLG í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn.

I láthair ar an oíche bhí baill agus oifigí sinsearacha an Chumainn, baill de Choiste Naisiúnta na Gaeilge, Cathaoirleach Glór na nGael, Pat Carey, Ceannasaí Ghór na nGael, Lorcán Mac Gabhainn, Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge,  Éamonn Ó hArgáin, Foras na Gaeilge i measc aíonna eile.

Ba mhór againn é ag Glór na nGael, Peig Mhic Dhonncha, bean Sheosaimh agus a clann, Eoghan agus Muireann bheith linn don ócáid speisialta seo.

Tuilleadh eolais faoin Fhondúireacht anseo.

Comments

  • No comments yet.
  • Add a comment