Site logo

Gailearaí – Comórtas Náisiúnta – Moltóireacht Seachtain 02

Cuireadh críoch leis an dara seachtain de mholtóireacht do Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael inniu, an 26ú lá de Eanáir, 2024.

37 grúpa pobail atá san iomaíocht le haghaidh duaiseanna i réimsí éagsúla mar an Óige, Oideachas, An Teaghlach, Sláinte Intinne agus Coirp, An Stát agus Gnó, Imeachtaí agus Deiseanna Labhartha, agus An Ghaeltacht.

Mar gheall ar dhrochaimsir, b’éigean cúpla ceann de na cruinnithe a reáchtáil ar líne. Ach bhí na moltóirí an-tógtha leis an obair atá déanta ag na grúpaí éagsúla le bliain anuas chun an Ghaeilge a chur chun cinn in a gceantair.

Beidh an ócáid bhronnta ar siúl i Muineachán ag tús mí Aibreán seo chugainn.