Site logo

Gailearaí – Comórtas Náisiúnta – Moltóireacht Seachtain 01

Chuir foireann Ghlór na nGael tús le camchuairt mórthimpeall na tíre an tseachtain seo caite (Dé Luain 15ú Eanáir), chun moltóireacht a dhéanamh ar ghrúpaí agus ar choistí Gaeilge, le teacht ar bhuaiteoirí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2023.  Tá 37 grúpa san iomaíocht do dhuaiseanna i réimsí mar an Óige, Oideachas, An Teaghlach, Sláinte Intinne agus Coirp, An Stát agus Gnó, Imeachtaí agus Deiseanna Labhartha agus An Ghaeltacht.