Bhronn Cathaoirleach Choiste Naisiúnta na Gaeilge, Mártan Ó Ciardha agus aíonna eile 40 bonn ar chlubanna CLG as a gcuid saothar ar son na Gaeilge ag ócáid bhronnta i bPáirc an Chrócaigh ar an 16ú Nollaig.
Ghlac 87 club páirt ann sa chéad bhliain don scéim seo i 2017. Bronnadh Bonn Sheosaimh Mhic Dhonncha, idir airgead agus cré-umha ar na clubanna de réir mar a chuir siad líon áirithe gníomhartha ar son na teanga i gcrích. Bronnadh 30 bonn cré-umha i 2017 ar chlubanna fud fad na hÉireann mar aon le 10 bonn airgead. Níor bhain aon chlub an caighdeán ard amach a leagadh síos chun bonn ór Sheosaimh Mhic Dhonncha a thabhairt na bhaile leo go fóill.