Site logo

Tá sé tábhachtach láithreacht a bheith ag an nGaeilge i gach gné de shaol an duine. Tá Glór na nGael tiománta leis an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil gnó agus seirbhisí Gaeilge a sholáthar. Cinnteoidh sin stádas na teanga agus úsáid na teanga i saol an duine.

Tá sé dlite ar Glór na nGael, de reir Feidhm 10 atá bronnta ag Foras na Gaeilge orainn,;

Comhairle, tacaíocht agus eolas a chur ar fáil don phobal gnó lena spreagadh le tacú le húsáid na Gaeilge ina gcuid gnónna.

SPRIOC 1. AN POBAL GNÓ A SPREAGADH LEIS AN NGAEILGE A ÚSÁID

Spreagfaidh Glór na nGael úsáid na Gaeilge ins an saol gnó agus i measc comhlachtaí beaga agus meánmhéide. Déanfar seo trí ghníomhachtaí gnólachtaí atá ag soláthar seirbhísí Gaeilge a spreagadh agus a mholadh i dtreo clárú le eolaire gnó peig.ie, ar bhonn comhphairtíochta le Conradh na Gaeilge.

SPRIOC 2. DÁTHEANGACHAS DEN SCOTH SA GHNÓ

Is scéim aitheantais nua de chuid Foras na Gaeilge é ‘Datheangachas den Scoth sa Ghnó’. Bronnfar Marc Dheimhniúcháin ar ghnóanna beaga agus meanmhéide a fhorbraíonn agus a bhaineann tairbhe as úsáid na Gaeilge mar uirlis bhreise gnó agus margaíochta. Léiríonn an Mharc Dheimhniúcháin  tuiscint agus tiomantas don dátheangachas i gcúrsaí gnó. Léiríonn sé ceannasaíocht sa mhargadh i soláthar nuálaíoch seirbhíse custaiméara. Bronnfar an Mharc Dheimhniúcháin ar aon eagraíocht ghnó a thagann le critéir an ghradaim mar a leagtar síos iad i gCaighdeán an Mhairc Dheimhniúcháin.

Cuirfidh Glór na nGael tacaíocht ar fáil don sceim seo tríd;

  1. Comhlachtaí beaga agus meánmhéide a chur ar an eolas faoi.
  2. Treoir agus comhairle a chur ar fáil dóibh.
  3. Comhlachtaí cláraithe le eolaire peig.ie a ullmhú chun iarratas ar an mharc deimhniúcháin.
  4. Cúnamh le h-ullmhú tabhairt faoin Marc Dheimhniúchán.

Is féidir níos mó eolais a fháil ar thacaíochtaí Ghlór na nGael don earnáil gnó trí teagmháil a dhéanamh le eoghan@glornangael.ie