Site logo
FOLÚNTAS !
An bhfuil tú tiománta don phobal? An mian leat an Ghaeilge a chur chun cinn?
Seans go mbeidh spéis agat sa phost seo :
Samhlaítear go mbeidh an t-iarrthóir rathúil don ról seo ag feidhmiú i mórcheantar Áth Cliath go príomha. Sin ráite, bíonn Glór na nGael ag feidhmiú ar bhonn uile-Éireannach agus bíonn cúraim uile-Éireannach ag gach fostaí dá réir sin. Chomh maith, beidh gá a bheith i láthair in oifigí Ghlór ó am go ham.