Site logo

Fógra – Cuireadh chun tairsceana le haghaidh seirbhísí iniúchóireachta

FÓGRA

Cuireadh chun tairsceana le haghaidh seirbhísí iniúchóireachta

Tá Glór na nGael, Ceanneagraíocht Ghaeilge, ag lorg tairsiceana ó chuideachta iniúchóireachta i gcomhair soláthar seirbhísí iniúchóireachta seachtracha. Beidh ardchumas Gaeilge scríofa agus labhartha riachtach do chomhlíonadh na seirbhíse seo.

Bhí ioncam 2018 na heagraíochta a bhfuil foireann de 18 fostaithe ann, cothrom le €1,240,000, agus luach stoc cothrom le €60,000.

I measc na seirbhísí a bheidh de dhíth, tá;

  1.  Iniúchadh iomlán bliantúil ar chórais, ar stoic, ar thaifid, ar idirbhearta agus ar chuntais Ghlór na nGael
  2.  Na ráitis airgeadais bhliantúla a ullmhú don Bhoird Stiúrtha.
  3.  Na ráitis airgeadais bhliantúla a chur os comhair chruinniú an Bhoird Stiúrtha.
  4.  Na ráitis airgeadais bhliantúla a chur os comhair chruinniú cinn bliana na cuideachta.
  5.  Na ráitis airgeadais bhliantúla a chur os comhair chruinniú den Choiste Iniúchóireachta Inmheánaí.
  6.  Comhfhreagrais idir Oifig na gCuideachta agus Glór na nGael maidir le teacht agus imeacht Stiúrthóirí agus Comhaltaí na gCuideachta.
  7.  Dualgais reachtúla Rúnaí na cuideachta a chomhlíonadh ar son Rúnaí na cuideachta le linn na bliana.

Tá eolas faoi chuideachta Glór na nGael le fáil anseo.

Seol iarratas tairisceana móide praghas chuig eolas@glornangael.ie roimh 10 Bealtaine 2019.