Site logo

Fógairt Buaiteoirí Chomórtas Ghlór na nGael 2019

Ar an gClár speisialta de Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a craoladh ar an 19 Feabhra 2020, d’fhógair Frainc Mac Cionnaith, Bainisteoir Forbartha, agus Sara Ní Chuireáin, Oifigeach Forbartha, Ghlór na nGael, torthaí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2019. Fógraíodh suas le €80,000 de dhuaischiste ar maidin agus na duaiseanna sin roinnte ar choistí pobail Ghaeilge fud fad na tíre.

Is iad na coistí seo a leanas na buaiteoirí ina rannóga féin agus is iad a bheas san iomaíocht don seic mór €20,000 agus príomhdhuais na bliana a fógrófar níos moille ag an ócáid bhronnta: Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste (Coistí le daonra os cionn 20,000), Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Dún na nGall (Coistí Gaeltachta), Cairde Teo., Ard Mhacha (Coistí le daonra idir 4,000 & 20,000) agus Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire (Coistí le daonra faoi 4,000).

Seo aitheantas don obair atá ar siúl i measc an phobail. Ba léir agus moltóireacht an chomórtais ar siúl go bhfuil na coistí pobail ag baint éachta amach dá gceantair féin.

Ghabh Frainc Mac Cionnaith buíochas le Foras na Gaeilge, an Roinn Ealaín, Oidhreachta, agus Gaeltachta a dhéanann urraíocht ar an príomhdhuais i.e. trófaí agus 20K, maraon le Údarás na Gaeltachta agus leis na urraithe na duaiseanna speisialta.

Bronnfar na duaiseanna agus an phríomhdhuais gur fiú €20,000 í ag searmanas a bheidh ar siúl ar an Satharn 18ú Aibreán 2020 in Óstán na Cúirte, i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.

Príomhdhuais Ghlór na nGael Fógrófar buaiteoir an phríomhdhuais ar Satharn 18ú Aibreán 2020. €20,000

Gradam Ghlór na nGael  – Helen Ó Murchú agus Bláthnaid Ó Brádaigh

Coistí le Daonra faoi bhun 4,000

1ú Duais Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire €4,000

2ú Duais Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin €3,000

3ú Duais Glór na Speiríní, Co. Dhoire €2,000

Coistí le Daonra 4,000 – 20,000

1ú Duais Cairde Teo., Ard Mhacha €4,000

2ú Duais Muineachán le Gaeilge €3,000

3ú Duais Pobal ar a’n Iúil, Co. Thír Eoghain €2,000

Coistí le Daonra os cionn 20,000

1ú Duais Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste €4,000

2ú Duais Glór na Móna, Béal Feirste €3,000

3ú Duais Cultúrlann Uí Chanáin, Doire €2,000

Coistí Gaeltachta (Urraithe ag Údarás na Gaeltachta)

1ú Duais Ionad Naomh Pádraig, Dobhar, Dún na nGall €4,000

2ú Duais Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne/Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí €3,000

3ú Duais Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe €2,000

Duaiseanna Speisialta

Duais Ógras Club Óige an Fháirche, Co. na Gaillimhe  €1,000 (Urraithe ag Ógras)

Duais an Timire Cumann Forbartha Chois Fharraige €700 (Urraithe ag an Timire)

Duais an Oireachtais Muineachán le Gaeilge €500 (Urraithe ag Oireachtas na Gaeilge)

Duais an Fháinne Glór Locha Riach, Co. na Gaillimhe Dearbhán €500 (Urraithe ag Gael Linn)

Duais Cho. Co. Dhún na nGall Áislann Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall €1,500 (Urraithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall)

Duais Cho. Cho. na Gaillimhe Craobh Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe €1,500(Urraithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe)

Duais Chló Iar-Chonnacht Glór Ghleannta Liatroma , Co. Liatroma Dearbhán €1,000 (Urraithe ag Cló Iar-Chonnacht)

Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste £1,500 (Urraithe ag Comhairle na Gaelscolaíochta)

Duais COGG Comhchoiste Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh, Co. Chiarraí €2,000 (Urraithe ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta)

Duais an Fhorais Pat.   Sult na Sollán, Cill Dara €1,000 (Urraithe ag an bhForas Pátrúnachta)

Duais Chonradh na Gaeilge Comharchumann Ráth Chairn, Co. na Mí €1,000 (Urraithe ag Conradh na Gaeilge)

Duais do na Coistí Deonacha is Fearr – €1,500 an ceann

  • Cúige Uladh Coiste Forbartha Chnoc Fola, Co. Dhún na nGall
  • Cúige Chonnacht Craobh Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
  • Cúige Mumhan Glór na nGael Chlochán Bhreanainn, Co. Chiarraí
  • Cúige Laighean Sult na Sollán, Cill Dara

Iontráil Nua is fearr €1,000 – Comhaltas Chosanta Chúil Aodha, Co. Chorcaí

Comórtas na gCumann Gaelacha sna Coláistí Tríú Leibhéal urraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna

Fógrófar na buaiteoirí ag oíche bhronnta ar an 18 Aibreán 2020

Tá Glór na nGael buíoch do Foras na Gaeilge, an Roinn Ealaín, Oidhreachta, agus Gaeltachta atá ag cur an príomhdhuais ar fáil i.e. trófaí agus 20K. Agus na urraithe eile as na duaiseanna speisialta.