Tá an gradam “Fiontraí Óg na Bliana” ann chun aitheantas a thabhairt do bheirt a chuireann an Ghaeilge agus an gnó chun cinn ina gcuid oibre. Ainmnítear beirt gach bliain don duais seo – duine amháin idir 12 agus 18 mbliana d’aois, agus duine eile idir 18 agus 21 bliain d’aois. Is é seo an ceathrú bliain den ghradam seo. Mar sin, tá aitheantas tugtha do sheisear fiontraí/fiontraíocht go dtí seo.
Anuraidh, ainmníodh Erin Rose Mc Mullan don rannóg 18-21 bliain d’aois. Tá Erin Rose lárnach i gcúrsaí i dTigh Mhadáin, teach tábhairne gnóthach i lár chathair Bhéal Feirste. Cuidíonn sí lena hathair, úinéir an ghnó, chun an teach tábhairne a mhaisiú le comharthaí Gaeilge agus chun imeachtaí a eagrú ina mbíonn deis ag daoine Gaeilge a labhairt agus a chleachtadh. Bíonn Erin Rose ag labhairt Gaeilge le daoine a thagann isteach tríd an doras gach lá.
Ainmníodh Úna Nic Gabhann don rannóg 12-18 mbliana d’aois, ar son na hoibre atá déanta aici leis an fhiontar sóisialta “Caifé Anam” ar an Charraig Bhán i mBéal Feirste. D’fhorbair Úna a cuid scileanna go mór agus í ag obair sa chaifé ansin. Rinne sí cuid mhór traenála le cur lena cuid scileanna.
Tá na hainmniúcháin d’Fhiontraí Óg na Bliana 2025 anois oscailte agus tá deis ag an phobal duine óg a ainmniú don dá rannóg. Is deis é seo aitheantas a thabhairt do dhuine óg atá díograiseach don teanga, agus a léiríonn scileanna fiontraíochta chomh maith.
Is féidir fiontraí óg a ainmniú anseo – https://forms.gle/