Dáithí Ó Sé, an láithreoir clúiteach teilífíse, a bhronn na gradaim Fiontraí Óg na Bliana mar chuid de ócáid GRADAIM Gnó na hÉireann a bhí ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar an 17/11/2025.
Is iad “Eco-Paws” ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall a thug leo an gradam i rannóg 1 (aoisghrúpa 12-18), agus is ar Aoife Nic Gabhann as Co. Mhuineacháin, a bronnadh an duais i rannóg 2 (aoisghrúpa 18 – 21) de chomórtas Fiontraí Óg na Bliana de chuid GRADAIM 2025.
Bronntar dhá ghradaim ar leith le linn searmanas bronnta GRADAIM ar bheirt duine óg a léiríonn bua don fhiontraíocht le Gaeilge. Léiríonn buaiteoirí ‘Fiontraí Óg na Bliana’ na tréithe seo a leanas; bua don fhiontraíocht, cumas samhlaíoch ina c(h)ur chuige, íomhá dhearfach i leith na Gaeilge a chur chun tosaigh, seirbhís le Gaeilge don chustaiméir nó don chliant.
Tionscadal nuálach, a dhéanann leapacha peataí as ábhair athchúrsáilte atá i lámha ag EcoPaws.
Chuaigh cruthaitheacht Danielle Ní Fhearraigh, Molly Nic Giolla Chomhaill, Fia Nic Giolla Chomhaill and Brianna Ní Fhearraigh, i bhfeidhm go mór ar na moltóirí. Léirigh a dtiomantas d’fhiontraíocht inbhuanaithe fís agus ceannaireacht eisceachtúil.
Roghnaigh na moltóirí Aoife Nic Gabhann ó Mc Cague’s Bar mar gheall ar an ceannaireacht nuálach a léirigh sí agus í ag cur an Ghaeilge i lár an aonaigh sa bheár. Spreagann sí an fhoireann agus an pobal an Ghaeilge a labhairt níos minice, agus tá sí ag cur na teanga chun cinn ar bhealach úr agus fuinniúil.
