Ó 25-27 Meán Fómhair beidh Leabharlanna Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire – Ráth an Dúin i bpáirt le Gaeilge365 ag óstáil Bronntanas, féile nua a cheiliúrann na féidearthachtaí a chruthaíonn an Ghaeilge do theaghlaigh.
Threisigh Ceannasaí Ghlór na nGael, Lorcán Mac Gabhann, na ceithre chomhairle i gContae Átha Cliath as tabhairt faoin togra spleodrach seo. “Léireoidh an togra seo gur féidir leis an nGaeilge bheith mar theanga teaghlaigh mar atá i gcás ár bpobal bhríomhar féin. Bíonn tacaíocht do theaghlaigh ag tógáil clainne le Gaeilge ag croílár obair an rannóg Teanga Tí, mar sin is cúis áthais dom go bhfuil Glór na nGael ag comhoibriú ar Bronntanas.” a dúirt sé.
Bronntanas | Instagram | Linktree
Cliceáil leis an leabhrán a íoslódáil