Site logo

Is cúis áthais é dúinn go bhfuilimid ag comhoibriú le Féile Bia Phort Láirge arís i mbliana le imeachtaí ar nós Picnic na dTeidí agus Cócaireacht le Chéile ar an Satharn 20ú Aibreán. 

Maidin Shatharn, an 20ú ag a 11:00 beidh Teidí, Caibríní agus Bróna ag dul libh go Chaisleán Dún Garbhán chun picnic a ithe libhse agus le bhur dteidithe. Beidh ort a bheith ciúin ionas nach gcuirfidh tú scanradh orthu.

Tóg leat do theidí féin agus b’fhéidir go ndéanfaidh sé cara nó dhó ann. Is féidir eolas faoi Phicnic na dTeidí a fháil anseo. Deirtear linn go mbeidh rann nó dhó ann chomh maith.

Nó tar ag cócaireacht linn i gColáiste na nDéise ag a 10:30-12:30 nó 14:30-16:30 ar an Satharn. Beidh Fiona agus Elaine libh ag tabhairt cabhair agus cúnamh ó thaobh ullmhú an bhia de agus is féidir leat bheith i do Gordon Ramsey nó Dónal Skehan Óg. Oireann an t-imeacht seo do theaghlaigh le páistí thar sé bliana d’aois ach má tá siblíní níos óige sa tigh is féidir linn oibriú leis.

Is féidir clárú do Cócaireacht le Chéile  anseo nó tá tuilleadh eolais a fháil ó elaine@glornangael.ie nó ag 086 165 5053

Fáilte roimh theaghlaigh ar gach leibhéal Gaeilge.