Tá borradh mór tagtha ar úsáid na Gaeilge i mBaile Átha Cliath 7 le tamall anuas, agus tá grúpa pobail nua ag obair go dian chun an teanga a chur chun cinn sa cheantar.
Beidh an grúpa seo dírithe ar spásanna sóisialta agus imeachtaí a chruthú ina mbeidh fáilte roimh gach duine, beag beann ar a leibhéal Gaeilge. Tá meascán de thuismitheoirí, daoine óga agus teaghlaigh ag glacadh páirte, agus tá fás leanúnach ag teacht ar an líonra seo.
Tá ról lárnach ag Gaelscoil Bharra sa ghluaiseacht seo, mar is croílár don phobal Gaelach áitiúil í le blianta fada. Tá an scoil ag tacú le húsáid na Gaeilge i measc teaghlach agus ag cur lena hinfheictheacht sa cheantar.
Agus tá Glór na nGael, trí Teanga Tí, ag súil go mór le bheith ag obair leis an ngrúpa seo chun líonra teaghlaigh láidir a thógáil. Mar chuid den chomhpháirtíocht seo, cuirfear tacaíocht agus poiblíocht ar fáil do na himeachtaí, lena n-áirítear grúpa spraoi míosúil i Leabharlann Chabraí, a thosóidh Dé hAoine, 25 Aibreán ar a 10:30.
Más mian leat a bheith mar chuid den phobal nua seo, bí i dteagmháil linn nó glac páirt in imeachtaí an ghrúpa. Tá todhchaí gheal na Gaeilge á cruthú i mBaile Átha Cliath 7!