November 26, 2022

Samhain, 2021

27Sam(Sam 27)12:00 in28(Sam 28)5:00 inAr Ais le Chéile - Féile Winterval Port Láirge 👨‍👨‍👧‍👦 ‍‍‍

Cur síos ar an imeacht

Ar Ais le Chéile – Féile Winterval Port Láirge 👨‍👨‍👧‍👦 ‍‍‍

Bígí linn ag Ar Ais Le Chéile, féile nua spleodrach mar chuid de Winterval i gCathair Phort Láirge ina mbeidh an Ghaeilge mar theanga bheo agus cultúr agus oidhreacht Ghaeltacht na nDéise á cheiliúradh.

Tá Ar Ais le Chéile á n-eagrú i gcomhar le hOifig Ghaeilge Chomhairle Cathrach & Contae Phort Láirge, Glór na nGael agus Plean Teanga na nDéise. Beidh rí-rá agus ruaille buaille le filíocht, ceol, scéalaíocht agus rap; ceol traidisiúnta agus amhránaíocht ar an sean-nós agus Pop-Up Gaeltacht nó dhó.

Beidh teaghlaigh in ann a gcuid Ghaeilge a labhairt agus spórt agus spraoi a bheith acu le clár lán imeachtaí ó Ghlór na nGael agus beidh go leor Craic agus Comhrá, Cúpla Focal agus Cupán tae ‘as Gaeilge’ le linn na Féile. Bainigí taitneamh as Ar Ais Le Chéile sa ‘Wonder Events Marquee’, ag ceiliúradh na Gaeilge mar theanga bheo.

Beidh failte roimh teaghlaigh ó i bhfad is i gcéin a bheith páirteach sna himeachtaí do theaghlaigh a bheidh ar siúl ar 27 & 28 Samhain.

́ ́ ́ ́ ́ :
http://ow.ly/gMvb50GveLa

more

Am

27 (Satharn) 12:00 in - 28 (Domhnach) 5:00 in

Leave A Reply


X
X