Teacht le Chéile 06/03/22 i mBÁC Theas
Beidh deis ag teaghlaigh le Gaeilge teacht le chéile ar an Domhnach 6 Márta ag 14:00 i bPáirc an Phobail, Dún Laoghaire, Co Átha Cliath. Beidh teaghlaigh ag bailiú le chéile ag an ionad spraoi. Beidh an Margadh ar siúl agus deis ag teaghlaigh siúl timpeall agus cupán caife nó blúirín bia a fháil más mian leo.
Má tá sé i gceist agat a bheith i láthair, cuir teachtaireacht chuig cabrini@glornangael.ie