Spraoi & Comhluadar i dTigh na hÉille
Beidh teaghlaigh atá ag tógail páistí le Gaeilge i gCo Chill Mhantáin ag teacht le chéile chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh ar an Domhnach 13 Márta @ 13:30 i Siopa na Feirme, Tigh na hÉille, Co Chill Mhantáin. Beidh neart spraoi ann do na páistí agus deis ag na teaghlaigh aithne ceart a chur ar a chéile thar greim bia. Spásanna Teoranta. Déan áirithint go luath le cabrini@glornangael.ie. Imeacht maoinithe ag Seachtain na Gaeilge & Glór na nGael.