September 26, 2022

Lúnasa, 2021

07LúnLá ar fad14Saoire Gaeltachta do Theaghlaigh i gCorca Dhuibhne

Cur síos ar an imeacht

 

Beidh Saoire Gaeltachta 2021 ar siúl i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí ón 7-14 Lúnasa 2021. Tabharfaidh an tsaoire seo deis do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge teacht le chéile in atmaisféar spraíúil, tacúil agus cairdiúil chun aithne a chur ar a chéile, agus am a chaitheamh le teaghlaigh eile atá ar an turas teanga céanna leo. De bharr Covid 19, beidh spásanna teoranta i mbliana chun tacú le sábháilteacht na rannpháirtithe. Tabharfar tús áite do theaghlaigh a bhí páirteach sa Saoire Gaeltachta go rialta cheana féin. Is imeachtaí taobh amuigh amháin i ngrúpaí beaga a bheidh ar siúl, de réir treoracha an rialtais. Beidh costas idir €0 go €40 an duine ar na himeachtaí, ag brath ar an imeacht atá i gceist.  Ní chuirfear aon lóistín ar fáil agus beidh ar theaghlaigh a gcuid lóistín féin a chur in áirithint. Leanfar pé rialacha agus moltaí atá leagtha síos ag an rialtas ó thaobh scaradh sóisialta, mascanna a chaitheamh agus eile. 

Chun áirithint a dhéanamh do Saoire Gaeltachta 2021 / 2022, nó breis eolais a fháil, déan teagmháil le cabrini@glornangael.ie.

 

more

Am

Lúnasa 7 (Satharn) - 14 (Satharn)

Láthair

Brú na Gráige

Eagraí

Cabríní de BarraOifigeach Forbartha Glór na nGael353 (0)834455914 - cabrini@glornangael.ie

Leave A Reply


X
X