October 3, 2022

Lúnasa, 2022

06LúnLá ar fad13Saoire Gaeltachta 2022 do Theaghlaigh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne

Cur síos ar an imeacht

 

Beidh Saoire Gaeltachta 2022 do theaghlaigh ar siúl i nGaeltacht Chorca Dhuibhne, Co Chiarraí ón 6-13 Lúnasa 2022. Tabharfaidh an tsaoire seo deis do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge teacht le chéile in atmaisféar spraíúil, tacúil agus cairdiúil chun aithne a chur ar a chéile, agus am a chaitheamh le teaghlaigh eile atá ar an turas teanga céanna leo. Beidh spásanna teoranta agus tabharfar tús áite do theaghlaigh a bhí páirteach sa Saoire Gaeltachta go rialta cheana féin. Is imeachtaí taobh amuigh agus i ngrúpaí beaga taobh istigh a bheidh ar siúl. Beidh costas idir €0 go €40 an duine ar na himeachtaí, ag brath ar an imeacht atá i gceist agus beidh córas i bhfeidhm chun gur féidir le teaghlaigh réamháirithint a dhéanamh ar gach imeacht.  Chun áirithint a dhéanamh, nó breis eolais a fháil, déan teagmháil le cabrini@glornangael.ie. Beidh ar theaghlaigh a gcuid lóistín féin a chur in áirithint. Leanfar pé rialacha agus moltaí atá leagtha síos ag an rialtas ó thaobh scaradh sóisialta, mascanna a chaitheamh agus eile. 

 

more

Am

Lúnasa 6 (Satharn) - 13 (Satharn)

Láthair

Brú na Gráige

Eagraí

Cabríní de BarraOifigeach Forbartha Glór na nGael353 (0)834455914 - cabrini@glornangael.ie

Leave A Reply


X
X