Riosca
Bíonn an Cumann Riosca ag teacht le chéile chuile Máirt ag 6:00in. Tá an Cumann seo dírithe ar ghasúir atá 8 mbliana d’aois agus níos sine. Séard atá i gceist leis an gcluiche ná na himreoirí ag iarraidh smacht a fháil ar an domhan chomh sciobtha agus is féidir trí spraoi agus craic! Chuile eolas ó Phádraig: padraig@gornangael.ie nó 085 127 4657