September 28, 2022

Meitheamh, 2022

04Mei11:00 in12:00 inRannta le Chéile don ÚcráinAr Líne

Cur síos ar an imeacht

Satharn 4 Meitheamh @ 11:00

Deis do theaghlagh ar gach aois ón dá thír teacht le chéile ar líne chun rannta & amhráin i nGaeilge & Úcráinis a roinnt agus aithne a chur ar a chéile

Ba mhaith le Glór na nGael cuireadh a thabhairt do theaghlaigh le Gaeilge & teaghlaigh ón Úcráin ar gach aois pairt a ghlacadh i seisiúin rannta agus amhráin ar líne. Tabharfaidh an seisiún seo deis do na teaghlaigh ón Úcráin blaiseadh beag den Ghaeilge a chloisteáil tríd na rannta agus amhráin agus deis do na teaghlaigh ó Éirinn roinnt rannta & amhráin ón Úcrain a chloisteáil.

Agus iad ag cur aithne ar a chéile, tá dóchas ann go gcuideoidh sé leis na teaghlaigh Úcráiníse  socrú isteach in Éirinn. Is féidir teagmháil a dhéanamh le cabrini@glornangael.ie chun spás a chur in áirithint nó le tuilleadh eolais a fháil. Scaipigí an scéal! Má tá sibh i dteagmháil le haon teaghlach ón Úcráin, tabhair cuireadh dóibh a bheith linn! Beidh aistritheoir Gaeilge / Úcráinis i láthair. 

 

 

more

Am

(Satharn) 11:00 in - 12:00 in

Leave A Reply


X
X