Márta, 2022
Cur síos ar an imeacht
Paráid Fíorúil Lá le Pádraig 2022 Dúshláin Teaghlaigh Tá Teanga Tí ag reachtáil Dúshlán Teaghlaigh le téama Lá le Pádraig ó 01 go 17 Márta 2022.
Cur síos ar an imeacht
Paráid Fíorúil Lá le Pádraig 2022
Dúshláin Teaghlaigh
Tá Teanga Tí ag reachtáil Dúshlán Teaghlaigh le téama Lá le Pádraig ó 01 go 17 Márta 2022. Beidh roinnt duaiseanna deasa le bronnadh ar na teaghlaigh a bheidh páirteach. Beidh crannchar ann! Is féidir libh tabhairt faoi ceann amháin, cúpla ceann nó gach ceann de na 6 dúshlán thíos. Beidh ábhar tacaíochta roinnte ar meáin shóisialta Teanga Tí agus ceardlanna ar siúl chun cabhrú libh!
Bígí cinnte taifead a dhéanamh oraibh féin agus na físeáin / grianghraf a sheoladh chuig: padraig@glornangael.ie roimh 13 Márta 2022
Má chrochann sibh ábhar ar na meáin shóisialta ar Lá le Pádraig, déan cinnte @TeangaTí a cheangail isteach agus na haischlib seo a úsáid: #NaGaeilGhlasa #LálePádraig #TeangaTí
1) Maisigh an Teach
Déan an teach, na fuinneoga, agus na peataí a mhaisiú le téama Lá le Pádraig. Seol físeán nó grianghraf chugainn!
2) Déan Ceardaíocht
Bí ealaíonta agus déan roinnt ceardaíocht sa bhaile le téama Lá le Pádraig. Seol físeán nó grianghraf chugainn!
3) Cas Amhrán
Déan sibh féin a thaifead agus sibh ag casadh amhrán as Gaeilge. Seol chugainn é!
4) Déan Cócaireacht / Bácáil
Déan oideas deas bhaile le téama Lá le Pádraig. Seol físeán nó grianghraf chugainn!
5) Déan Damhsa
Déan taifead oraibh féin ag déanamh damhsa. Seol físeán nó grianghraf chugainn!
6) Cas Píosa Ceoil
Déan sibh féin a thaifeadadh agus sibh ag seinm píosa ceoil ar uirlis. Seol chugainn é!
Is féidir libh tabhairt faoi ceann amháin, cúpla ceann nó gach ceann de na 6 dúshlán thíos. Bígí cinnte taifead a dhéanamh oraibh féin agus na físeáin / grianghraif a sheoladh chuig padraig@glornangael.ie roimh 13 Márta le bheith sa chrannchur le haghaidh duais!! 🎁🏆
@TeangaTí
#NaGaeilGhlasa #LálePádraig #TeangaTí
more
Am
1 (Máirt) 12:00 in - 17 (Déardaoin) 11:59 in