Bí linn do lá speisialta Nollaigúil in Iúr Cinn Trá i gcomhpháirtíocht le Comhairle Chontae an Iúir, Mhúrn agus an Dúin.
Beidh muid ag cur gothaí na Nollag orainn féin le ceardaíocht a bhaineann le téama an Nollaig, spraoi, ceol agus craic!
Ar ndóigh, beidh aoi mór speisialta againn fosta agus beidh deis agaibh labhairt le Daidí na Nollaig chomh maith le grianghraif agus bronntanas a fháil!
Beidh seisiún ar leith againn i rith an lae, níl le déanamh ach clárú don am is oiriúnaí daoibh.
Is imeacht lán-Ghaeilge é seo. Má tá tuilleadh eolais uait, bí i dteagmháil le Niamh: niamh@glornangael.ie