October 2, 2023

Lá Spraoi na Gaeilge i nGaillimh

10Mei12:00 in4:00 inLá Spraoi na Gaeilge i nGaillimhLá Spraoi na Gaeilge 10 Meitheamh 2023

Cur síos ar an imeacht

Beidh ‘Lá Spraoi na Gaeilge’ ag tarlú i nGaillimh ar an 10 Meitheamh 2023 ag páirc pheile CLG Bóthar na Trá Cnoc na Cathrach (https://goo.gl/maps/a2JgzjoZtDnpkmgV8) .
Tá an lá á eagrú i gcomhpháirt leis an chumann CLG Bóthar na Trá Cnoc na Cathrach agus le tacaíocht ó Áras na nGael.
Ócáid mhór do theaghlaigh agus do chách a bheas ann! Beidh neart imeachtaí dírithe ar an teaghlach ach is ócáid é a bheas fáilte roimh chách.
Beidh na Gardaí i láthair le taispeántas a thabhairt dúinn faoin dtrealamh a bhíonn acu, beidh Coimicí Gael ann chun cartúin a tharraingt linn agus beidh cúrsaí feamainn is bia cladaigh á phlé ag Pastime Chonamara. Beidh neart le déanamh ag chuile duine is cuma cén aois thú! Caith súil ar an gClár.
Beidh páirceáil teoranta ar fáil ag Scoil Éinde (Endas Primary School) agus tá muid fhíor bhuíoch don scoil as clós na scoile a thabhairt dúinn ar an lá. Cé go bhfuil páirceáil ar fáil bhfiú an córas iompar poiblí a úsáid freisin. Beidh bia ar fáil ar an láthair ach más mian libh picnic a thabhairt libh beidh fáilte romhaibh.
Má tá ceist ar bith agaibh is féidir r-phost nó téacs a sheoladh chuig padraig@glornangael.ie nó glaoch a chur ar 085 127 4657.
Cláraigh anseo : https://form.jotform.com/231424590342349

more

Am

(Satharn) 12:00 in - 4:00 in

Láthair

CLG Bóthar na Trá, Cnoc na Cathrach

Bóthar Úi Mhainchín, Gaillimh

Eagraí

Pádraig Ó Neachtain

padraig@glornangael.ie - 353 (0)851274657

Learn More

Leave A Reply