Inar Measc
Bíonn an Cumann Inár Measc (Among Us) ag teacht le chéile chuile Luain ag 5:30pm. Tá an Cumann seo dírithe ar ghasúir atá 8 mbliana d’aois agus níos sine. Séard atá i gceist leis an gcluiche ná go bhfuil criú ar spáslong, ach tá mealltóirí ina measc, atá ag iarraidh iad a chur sa treo mícheart. Tá ar an gcriú na mealltóirí a fháil amach, sula mbeidh an bua acu. Chuile eolas le fáil ó Phádraig: padraig@gornangael.ie nó 0851274657