Beidh rogha mhaith imeachtaí ar siúl do theaghlaigh i rith Lá Teaghlaigh na Féile, Dé Sathairn 8 Meitheamh.
Cur síos ar an imeacht
Beidh rogha mhaith imeachtaí ar siúl do theaghlaigh i rith Lá Teaghlaigh na Féile, Dé Sathairn 8 Meitheamh.
Beidh Glór na nGael ann le Fighting Words na Gaeltachta. Bí linn le haghaidh ceardlann spraíúil, sultmhar a bhainfidh gach duine sa teaghlach sult as! Is eagraíocht chathranach iad Fighting Words na Gaeilge a chuireann béim i gcónaí ar an gcruthaitheacht, ar an tsamhlaíocht, agus ar an spraoi! Tugtar an seans do gach duine gabháil ag a luas féin, agus is féidir a bheith páirteach i scéalaíocht scríofa agus i scéalaíocht ó bhéal.
Beidh Bríd-Treasa ag cuidiú linn beocht a chur sna smaointí agus iad a chur ar pár agus ag miniú na scileanna ar leith atá de dhíth le scéal suimiúil a chur le chéile.
Beidh fáilte roimh theaghlaigh bualadh isteach ar an lá. Tá cead isteach saor in aisce ann. Is féidir clárú roimh ré anseo: https://buytickets.at/glornangael/1283930