September 26, 2022

Feabhra, 2021

25Fea(Fea 25)9:00 in15Már(Már 15)9:00 inDúshlán Teaghlaigh - Mórshiúl Fíorúil Lá Fhéile Pádraig

Cur síos ar an imeacht

Cé nach féidir linn bheith lé chéile do Lá Fhéile Pádraig, is féidir linn fós ceiliúradh a bheith againn!

Tá Teanga Tí ag reachtáil “Dúshlán Teaghlaigh” le téama Lá Fhéile Pádraig. Beidh duaiseanna le bronnadh ar na teaghlaigh is fearr. Is féidir libh tabhairt faoi ceann amháin, cúpla ceann nó gach ceann de na 6 dúshlán thíos. Bígí cinnte taifead a dhéanamh oraibh féin agus na físeáin / griangraf a sheoladh chuig: micheal@glornangael.ie

Is ionann na dúshlán agus seo a leanas:

1) Maisigh an Teach
Déan an teach, na fuinneoga (agus na peataí! 🙂 ) a mhaisiú le téama Lá Fheíle Pádraig.

2) Déan Ceardaíocht
Bí ealaínte agus déan roinnt ceardaíocht sa bhaile le téama Lá Fhéile Padraig. Glac físeán de agus seol chugainn é!

3) Cócáireacht / Bácáil
Déan oideas deas bhaile le téama Lá Fhéile Pádraig

4) Damhsa Jerusalema
Déan taifead oraibh féin ag tabhairt faoin damhsa “Jerusalema”

5) Cas Amhrán
Déan sibh féin a thaifead agus sibh ag casadh amhrán as Gaeilge a

6) Cas Píosa Ceoil
Déan sibh féin a thaifead agus sibh ag seinm píosa ceoil ar uirlis.

Is féidir libh tabhairt faoi ceann amháin, cúpla ceann nó gach ceann de na 6 dúshlán thíos. Bígí cinnte taifead a dhéanamh oraibh féin agus na físeáin / griangraf a sheoladh chuig: micheal@glornangael.ie roimh 15 Márta le bheith i gcrannchur le haghaidh duais mór! 🎁🏆

@TeangaTí agus #NaGaeilGhlasa

more

Am

Feabhra 25 (Déardaoin) 9:00 pm - Márta 15 (Luain) 9:00 pm

Leave A Reply


X
X