Feabhra, 2021

Cur síos ar an imeacht
Léigh leabhar amháin i nGaeilge ó thús go deireadh nár léigh
Cur síos ar an imeacht
Léigh leabhar amháin i nGaeilge ó thús go deireadh nár léigh tú cheana féin aon am idir 25 Feabhra agus 17 Márta 2021. Déan léirmheas gairid (níos lú ná 200 focal) nó Haiku bunaithe ar an leabhar a scríobh agus seol isteach é chuig teaghlaigh@glornangael.ie roimh Luan 22 Márta 2021. Déan cinnte d’ainm, d’aois agus an contae ina bhfuil tú i do chónaí a chur isteach le do phíosa scríbhneoireachta. Beidh duaiseanna le baint!! Tá an comórtas seo oscailte do dhaoine óga idir 11 agus 18 bliain d’aois. Roinnfear na léirmheasanna agus Haiku is fearr ar na meáin shóisialta nó foilseofar iad i nuachtlitir Teanga Tí.
Déanfaidh an scríbhneoir, file agus iriseoir cáiliúil Áine Ní Ghlinn moltóireacht ar an gcomórtas. Tá breis agus tríocha leabhar scríofa ag Áine Ní Ghlinn, ina measc bailiúcháin filíochta agus sraith leabhar agus úrscéalta do leanaí agus do dhéagóirí.
more
Am
Feabhra 25 (Déardaoin) 9:00 am - Márta 22 (Luain) 5:00 pm
Eagraí
Cabríní de BarraOifigeach Forbartha Glór na nGael353 (0)834455914 - cabrini@glornangael.ie