September 28, 2022

Deireadh Fómhair, 2021

09DF8:00 in9:05 inDráma 'Is Iomaí Rud a Tharla – the story of the Shaw’s Road Gaeltacht' - Ard Mhacha

Cur síos ar an imeacht

“Is Iomaí Rud a Tharla – the story of the Shaw’s Road Gaeltacht” le Nuala Ní Néill

Tá Aisling Ghéar ag tabhairt ar ais chun stáitse a léiriú den dráma “Is Iomaí Rud a Tharla – the story of the Shaw’s Road Gaeltacht’ a léiríodh don chéad uair i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich agus ag Turas i Misean Bhéal Feirste Thóir in 2019.

Deir Bainisteoir Ginearálta Aisling Ghéar, Carrie Anne McAlonan Mc Crudden, “Tá muid iontach bródúil as an seó seo. Freagracht ollmhór ba é léiriú ceart a dhéanamh ar an réabhlóid shóisialta fíorthábhachtach seo a thit amach i gcathair Bhéal Feirste. Castar fíor-laochra na chéad Ghaeltachta uirbí in Éirinn orainn chóir a bheith gach lá. Mar sin de, níl brú ar bith orainn!”

Leanann an scéal inspioráideach seo lánúin óg amháin agus iad ag titim i ngrá, ag pósadh agus ag cur tús lena n-aisling a muirín a thógáil le Gaeilge agus iad mar bhaill de Ghaeltacht Bhóthar Seoighe.

Is scéal domhanda é Is Iomaí Rud a Tharla a léiríonn go dtig le “gnáth”dhaoine tabhairt faoi rudaí neamhghnácha agus iad a bhaint amach. R McMillen, Irish News

 

*Is seó dátheangach é seo le fotheidil i mBéarla

**1’ 05’’  Gan sos

 

Cultúrlann Aonach Mhacha

74-76 Sráid na nGall

Ard Mhacha

 

9 Deireadh Fómhair 2021

8:00in

Ticéid: £8/10 – Eventbrite

www.aislingghear.com

more

Leave A Reply


X
X