September 28, 2022

Meán Fómhar, 2022

23MF(MF 23)3:00 in25(MF 25)1:00 inDeireadh Seachtaine Teaghlaigh do theaghlaigh lánGhaeilge i gContae Dhoire

Cur síos ar an imeacht

Tá teaghlaigh Ghaeilge ag súil go mór le deireadh seachtaine lán-Ghaeilge a chaitheamh i gceantar Charn Tóchair, Contae Dhoire. 

 

Ar láthair An Carn, tá dhá theach lóistín, ionad ealaíne, Siopa An Carn agus bialann, An Croí. Tá pobal bríomhar Gaeilge ann agus beidh imeachtaí deireadh na seachtaine ar siúl idir láthair An Carn agus an tearmann dúlra i nDroim nDamh, áit a mbeidh formhór na ngíomhaíochtaí spraoi ar siúl maidin Shathairn. 

 

Beidh foireann lán-Ghaeilge i mbun na ngíomhaíochtaí spraoi, idir foireann An Carn agus foireann Ghlór na nGael. 

 

Is féidir níos mó a fheiceáil faoin phobal agus an ceantar san fhíseán seo: Gaelphobal Charn Tóchair, Doire. Bígí linn do dheireadh seachtaine sultmhar spraíúil i gceantar Charn Tóchair ar 23 – 25 Meán Fómhair.

 

Cuairteoirí lae:

Fáilte roimh theaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge teacht mar chuairteoirí lae chomh maith ach gá le clárú roimhré.

 

Rang Gaeilge do thuismitheoirí ar bheagán Gaeilge:

An teaghlach thú ina bhfuil Gaeilge ag tuismitheoir amháin agus go bhfuil Béarla amháin nó beagán Gaeilge ag an tuismitheoir eile. Seans go mbeidh suim agat freastal ar ár rang Gaeilge do thuismitheoirí bunaithe ar an leabhar iontach seo Gaeilge don Teaghlach. Tá seo dírithe ar na cuairteoirí lae, beidh deis ag an tuismitheoir le Gaeilge agus na páistí freastal ar na himeachtaí spraoi a fhad ‘s go bhfuil an tuismitheoir eile ag foghlaim. Bí i dteagmháil má tá suim agat ann, beidh an cúrsa ag brath ar éileamh bheith ann dó.

more

Am

23 (Aoine) 3:00 in - 25 (Domhnach) 1:00 in

Leave A Reply


X
X