Meán Fómhar, 2020

Cur síos ar an imeacht
Cabhraigh le Rita! – Comórtas Dathúcháin do Pháistí
Cur síos ar an imeacht
Cabhraigh le Rita! – Comórtas Dathúcháin do Pháistí
Ghoid an Chailleach na dathanna uilig ón saol! An gcabhróidh tusa le Rita iad a fháil arais?
Tá Comórtas Dathúcháin do pháistí dhá reachtáil ag Gael-Taca i gCorcaigh i gcomhar le Glór na nGael agus le foilsitheoir scéalta Rita, An tSnáthaid Mhór, agus tá duaiseanna iontacha le baint!
Is féidir páirt a ghlacadh sa chomórtas ó aon áit sa tír. Tá na pictiúir dathúcháin ar fáil le cló ar www.gaeltaca.ie nó má tá cónaí ort i gCorcaigh, i gCiarraí agus i bPort Láirge is féidir na pictiúir a fháil i do leabharlann áitiúil. Mura bhfuil clódóir agat ag an baile is féidir do phictiúr féin de Rita a tharraingt agus a sheoladh isteach.
An Mháirt 3 Samhain 2020 an spriocdháta. Tá 2 slí inar féidir leat do phictiúr dathaithe a sheoladh isteach:
Glac grianghraf de agus seol é chuig eolas@gaeltaca.ie nó
Seol sa phost é chuig: Gael-Taca, 22 Port Uí Shúilleabháin, Corcaigh.
Fógrófar na duaisbhuaiteoirí go luath i ndiaidh an spriocdháta.
Ádh mór oraibh!
Tá gach eolas faoin gcomórtas ar fáil ar www.gaeltaca.ie nó ó Cabríní de Barra ar 083 4455914 / cabrini@glornangael.ie
more
Am
Meán Fómhar 23 (Céadaoin) 9:00 am - Samhain 3 (Máirt) 5:00 pm
Eagraí
Cabríní de BarraOifigeach Forbartha Glór na nGael353 (0)834455914 - cabrini@glornangael.ie