December 3, 2022

Márta, 2021

02Már(Már 2)9:00 rn19(Már 19)5:00 inComórtas Dathúcháin Chinnín ÓirCabhraigh! An milleán curtha ar Chinnín Óir go héagórach!

Cur síos ar an imeacht

A leithéid de ruaille buaille ó d’athraigh duine éigin na Trí Bhéar ó hollbhéir mhóra dhonna go béir bhána i bhfaiteadh na súl! Gan amhras, cheap na Trí Bhéar láithreach gur Chinnín Óir a bhí taobh thiar den ghadaíocht seo, ach is í An Chailleach Bhradach a ghoid na dathanna! Glac páirt sa chomórtas dathúcháin chun na dathanna a chur ar ais i saol na trí mBéar. 

Chun páirt a ghlacadh sa chomórtas dathúcháin, téigh go http://www.gaeltaca.ie/comortais/comortas-chinnin-oir.html  agus cliceáil ar na nasc atá ann chun na pictiúirí dathúcháin a híoslódáil. Ansin glac grianghraf de agus seol é chuig eolas@gaeltaca.ie nó cuir sa phost é chuig Ionad Ghael-Taca, 22 Port Uí Shúilleabháin, Corcaigh. Agus ná déan dearmad d’ainm, d’aois agus do sheoladh baile a lua chomh maith le seoladh ríomhphoist nó uimhir ghutháin le go bhféadfaimis dul i dteagmháil leat má bhuann tú. Spriocdháta: Dé hAoine 19ú Márta 2021. Duaiseanna iontacha do na pictiúirí dathaithe is fearr! Eagraithe ag Gael taca i gcomhpháirtíocht le Teanga Tí. Bunaithe ar an leabhar Cinnín Óir agus na Trí Béar le Áine Ní Ghlinn. Is í Laura Jane Phelan an Maisitheoir. 

more

Am

2 (Máirt) 9:00 rn - 19 (Aoine) 5:00 in

Láthair

Gael-taca

22 Cé Uí Shúilleabháin, Corcaigh, T12 PH6N

Eagraí

Cabríní de BarraOifigeach Forbartha Glór na nGael353 (0)834455914 - cabrini@glornangael.ie

Leave A Reply


X
X