Beidh an Club Códúcháin ar siúl ar líne ar an gCéadaoin @ 18:30 uair sa mhí i Meán Fómhair, Deireadh Fómhair & Mí na Samhna chun deis a thabhairt do pháistí tionscadail a roinnt agus a phlé agus scileanna códúcháin a fhorbairt lena chéile.
Ní rang é, agus dá bhrí sin is gá:
- Go mbeadh taithí éigin ag páistí ar chódúcháin
- A bheith cláraithe le https://scratch.mit.edu/ nó ag úsáid árdán códúcháin eile
- Ríomhaire nó táibléad a bheith agat
Beidh spásanna teoranta chun deis a thabhairt do ghrúpa beag páistí aithne a chur ar a chéile agus a bheith ag comhoibriú & ag malartú tuairimí lena chéile mar chuid den chlub. Is gá clárú don gclub le cabrini@glornangael.ie.
Seo iad na dátaí a leanas:
- 14/09/22
- 12/10/22
- 09/11/22