Tá Gaeilge Locha Riach, le tacaíocht ón scéim Teanga Tí, ag eagrú Ceardlann Lámhchleasaíochta do theaghlaigh, Dé Sathairn 17 Meán Fómhair 2022 ag 11.00r.n., i nGaelscoil Riabhach (H62 TK22).
Is é Stephen McGinley ó Juggle.ie a bheas linn ar an lá ag múineadh neart scileanna sorcais dúinn!
Níl aon táille ar an gceardlann seo, ach is gá clárú roimh ré, trí theagmháil a dhéanamh leis an oifig ar 087-152-1010 / eolas@gaeilgelochariach.ie, nó tríd an bhfoirm seo a chomhlánú: https://gaeilgelochariach.ie/ceardlann-lamhchleasaiochta nó teagmháil a dhéanamh le padraig@glornangael.ie 0/ 851274657.