Caife agus Comhluadar
Tugann an grúpa seo deis do thuismitheoirí atá ag tógáil leanaí óga faoi trí bliana d’aois le Gaeilge teacht le chéile gach Luan le haghaidh comhluadar, comhrá, comhairle agus cúpla rann! Is cuma cén áit atá cónaí ort, bíonn fáilte roimh thuismitheoirí i bhfad is i gcéin sa ghrúpa seo! Má tá suim agat a bheith páirteach, bí i dteagmháil le cabrini@glornangael.ie