Eachtra Teaghlaigh in Áth Cliath

Chuaigh slua ón mhór ghrúpa WhatsApp Teanga Tí nua i mBaile Átha Cliath ar shiúlóid sléibhe go Club Thine Ifrinn, Dé Domhnaigh 28 Iúil. Bhí sé ar cheann de na himeachtaí is taitneamhaí a bhí againn go dtí seo. Bhí seisear teaghlach páirteach ann, le líon iomlán 22 dhuine idir dhaoine fásta agus páistí. Thosaigh an lá ag an gcarrchlós ag Club Thine Ifrinn i gcroílár Shléibhte Átha Cliath, áit ar bhailigh gach duine le chéile go luath ar maidin.

Bhí an lá faoi threoir ag Sinéad Ní Chofaigh, Gaeilgeoir agus duine áitiúil atá tar éis go leor imeachtaí a stiúradh do Theanga Tí, idir ceardlanna ealaíne agus scoil fhoraoise. Chuir Sinéad tús leis an lá trí fháilte mhór chroíúil a chur romhainn agus mhínigh sí cad a bheadh i ndán dúinn le linn na siúlóide. Bhí spiorad iontach i measc na rannpháirtithe, le hionchais ard agus fuinneamh dearfach le sonrú i ngach áit.

Thug Sinéad seicliosta dúlra do na páistí lán de phlandaí, feithidí agus ainmhithe éagsúla a bheadh le feiceáil ar an mbealach. Bhí sé an-spreagúil do na páistí agus chabhraigh sé seo leo a bheith sáite in achan rud a bhí thart timpeall orthu. Ní hamháin go raibh na páistí ag foghlaim faoin dúlra thart orthu, ach bhí siad ag foghlaim scileanna cumarsáide freisin trí Ghaeilge a úsáid agus iad ag cur ceisteanna ar Shinéad agus ar a chéile –  agus iad i mbun chomórtais le chéile chomh maith, ar ndóigh!

Bhí an tsiúlóid féin thar a bheith taitneamhach. Bhí an aimsir go hálainn, bhí sé grianmhar agus de bharr easpa scamaill bhí muid ábalta na radharcanna aille de Bhaile Átha Cliath a fheiceáil, rud ar thug chúis sosanna bheaga a tabhairt dúinn le linn na siúlóide!  

Nuair a shroicheamar barr na sléibhe, bhí muid uile an-sásta suí síos le haghaidh picnice. D’inis Sinéad scéal faoin Chlub Thine Ifrinn dúinn agus an finscéal faoin diabhal féin a bhíonn le feiceáil ann fós go minic i bhfoirm cat dubh. Bhí na páistí ar ndóigh ag rith ar thóir an chat dubh agus bhí sos ag na tuismitheoirí agus deis acu aithne a chur ar a chéile. Mheasc na páistí le chéile go hiontach cé go raibh meascán d’aoiseanna sa ghrúpa agus iad idir 3-10 mbliana. 

Bhí atmaisféar an-réchúiseach agus cairdiúil ann, agus bhí sé go hiontach an Ghaeilge a chloisteáil i suíomh nádúrtha gan aon strus. Bhí an comhrá flúirseach agus bhí go leor comhrá againn, agus neart eolais ag Sinéad dúinn ó stair na háite agus nádúr go dtí na himeachtaí teaghlaigh eile a bheadh ar siúl amach anseo. 

Thug an lá seo deis iontach dúinn go léir teacht le chéile, cairdeas nua a chothú, agus Gaeilge a labhairt le chéile. Gabhann muid ár mbuíochas arís le Sinéad Ní Chofaigh as an tsiúlóid iontach agus an eolas spéisiúil a roinn sí linn. 

Má tá éinne ag iarraidh nascadh leis an mhór ghrúpa nua WhatsApp don cheantar iomlán Bhaile Átha Cliath, is féidir nascadh linn tríd an chód thíos nó trí ríomhphost a seoladh chuig tara@glornangael.ie

Tara Dunne-Uí Adhmaill

Roghnaigh do theanga / Choose your language