Dul chun cinn ag an rannóg Theanga Tí

Agus muid ag druidim ar leath bhealach fríd 2025, tá Glór na nGael ag treabhadh leis ag eagrú imeachtaí agus ag tacú le teaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge. Tá an rannóg Teanga Tí de chuid na heagraíochta náisiúnta tar éis 89 imeacht a eagrú agus é ag plé le 40 líonra de theaghlaigh fud fad na hÉireann.

 

Sa mhullach ar an 40 líonra sin, tá Glór na nGael ag obair le 10 club CLG chun líonraí de theaghlaigh Ghaeilge a fhorbairt. Tá maoiniú againn chun cuidiú le forbairt na Gaeilge mar theanga teaghlaigh sna bailte seirbhís Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge.

 

Ba é an deireadh seachtaine do theaghlaigh sa Rinn i gContae Phort Láirge i mí Feabhra agus Lá Spraoi na Gaeilge i Nás na Ríogh, Cill Dara, i mí na Bealtaine an dá mór éacht. Ag caint ar a thábhchtaí agus atá na n-imeachtaí seo, dúirt tuismitheoir amháin: “Labhraimíd Gaeilge i gcónaí sa bhaile. Is é seo an t-aon deis chun Gaeilge a labhairt le daoine eile. Tá sé tábhachtach go gcloiseann na páisti go bhfuil Gaeilge ag daoine eile seachas mom agus dad! Bheadh deis mar seo gach mí iontach!”

 

Tá 12 nuachtlitir foilsithe ar bhonn coicísiúil agus forbraíodh sraith phóstaer téarmaíochta a bheidh ina acmhainn teanga do thuismitheoirí.

 

Bronnadh 20 scoláireachtaí ar thuismitheoirí chun go mbeidh said ábalta freastal ar chúrsaí Gaeltachta le cumas teanga s’acu féin a fhorbairt.

 

Idir seo agus deireadh na bliana is iad an tSaoire Ghaeltacht i gCorca Dhuibhne agus Seomra na dTeaghlach ag an Oireachtas an dá mór sprioc. Beidh muid ag dul i mbun pleanála roimh i bhfad d’imeachtaí na Nollag. 

 

Tá Glór na nGael buíoch d’Fhoras na Gaeilge, COGG agus Roinn Forbartha Tuaithe, Tuaithe agus Gaeltachta as a dtacaíocht don obair luachmhar seo.

Tá tuilleadh eolais faoi obair Theanga Tí ar fáil ó Mharcas Mac Ruairí ag marcas@glornangael.ie.  

Roghnaigh do theanga / Choose your language