Ar an gClár speisialta d’Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, d’fhógair Nóra Welby, Bainisteoir, agus Eoghan Mac Cormaic, Leascheannasaí, Ghlór na nGael torthaí Chomórtas 2017. Fógraíodh suas le €77,000 de dhuaischiste ar maidin agus na duaiseanna sin roinnte ar choistí pobail Ghaeilge fud fad na tíre.
Is iad na coistí seo a leanas na buaiteoirí ina rannóga féin agus is iad a bheas san iomaíocht don seic mór €20,000 agus príomhdhuais na bliana a fógrófar níos moille ag an ócáid bhronnta: Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste: (Coistí le daonra os cionn 20,000), Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua (Coistí Gaeltachta), Glór na Móna, Béal Feirste (Coistí le daonra idir 4,000 & 20,000) agus Coiste Forbartha Charn Tóchair (Coistí le daonra faoi 4,000).
Seo aitheantas don obair dheonach atá ar siúl i measc an phobail, agus is aitheantas iad na Duaiseanna seo ar an obair sin. Ba léir agus moltóireacht an chomórtais ar siúl go bhfuil an earnáil dheonach Ghaeilge ag dul ó neart go neart agus go bhfuil na coistí deonacha ag baint éachta amach dá bpobail féin.
Ghabh Nóra Welby buíochas le Foras na Gaeilge, príomhurra an chomórtais, chomh maith le Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, Roinn Oideachais & Scileanna, Cumann Lúthchleas Gael agus na hurraithe eile chomh maith.
Bronnfar na duaiseanna agus an phríomhdhuais gur fiú €20,000 í ag searmanas a bheidh ar siúl ar an Satharn 10ú Márta 2018 in Óstán Glasson, Glasson, Baile Átha Luain.
Liosta na dTorthaí
Coistí le Daonra faoi 4,000
1ú Duais €4,000 Coiste Forbartha Charn Tóchair, Machaire Rátha, Co. Dhoire
2ú Duais €3,000 Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin
3ú Duais €2,000 Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar, Co. an Dúin
Coistí le Daonra 4,000 – 20,000
1ú Duais €4,000 Glór na Móna, Béal Feirste
2ú Duais €3,000 Cairde Teo., Ard Mhacha
3ú Duais €2,000 Ionad na Fuiseoige, Béal Feirste
Coistí le Daonra 20,000 +
1ú Duais €4,000 Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste
2ú Duais €3,000 Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
3ú Duais €2,000 Glór Cheatharlach
Coistí Gaeltachta
1ú Duais €4,000 Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
2ú Duais €3,000 Cumann Forbartha Chois Fharraige, Co. na Gaillimhe
3ú Duais €2,000 Comhlucht Forbartha na nDéise, Co. Phort Láirge
Na Duaiseanna Speisialta
Duais Ógras €1,000 Glór Uachtar Tíre, Caisleán Uidhilín, Co. An Dúin
Duais an Timire €750 Glór na Móna, Béal Feirste
Duais an Oireachtais €500 Cairde Teo., Ard Mhacha
Duais an Fháinne (Dearbhán €500 ó Ghael Linn) Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste
Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe €1,500 Comharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe
Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall €1,500 Líonra Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall
Duais Chló Iar-Chonnacht Dearbhán €1,000 Cairde Uí Néill, Co. Thír Eoghain
Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta £1,500 Cairde Uí Néill, Co. Thír Eoghain
Duais COGG €2,000 Muineachán le Gaeilge
Duais Chonradh na Gaeilge €1,000 Pobal ar a’n Iúl, An Ómaigh, Co Thí Eoghain
Duais an Fhorais Patrúntachta €1,000 Craobh na Bóinne, Co na Mí
Duaiseanna do na Coistí Deonacha €1,500 an ceann
Cúige Uladh Coiste Ghlór na nGael, Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Cúige Chonnacht Glór Locha Riach, Co na Gaillimhe
Cúige Mumhan Coiste Ghlór na nGael, Clochán Bhréanainn, Co Chiarraí
Cúige Laighean Gaeil Chill Dara
An Iontráil Nua is Fearr Glór Mhachaire Fíolta, Co Dhoire
Duais Aitheantais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Donnacha €1,000 – Cumann Gaelach Leath Chathail, Co. an Dúin
Gradam Ghlór na nGael – POP Up GAELTACHT
Comórtas na gColáistí 3ú Leibhéal – Gearrliosta
San iomaíocht don phríomhdhuais tá –
Coiste Forbartha Charn Tóchair, Glór na Móna, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain agus Comharchumann Mhic Dara.