Site logo

Duaiseanna Ghlór na nGael Bronnta Príomhbhuaiteor – Cumann Forbartha Chois Fharraige

Bhronn Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn na duaiseanna i gComórtas Ghlór na nGael in Óstán Carton House, Maigh Nuad oíche Shathairn.  B’iad Cumann Forbartha Chois Fharraige, Gaillimh a thug príomhdhuais Ghlór na nGael ina bhaile leo agus seic le haghaidh €20,000.  Duaischiste de luach €80,000 ina iomlán a bronnadh ag ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail, clubanna CLG agus cumainn 3ú leibhéal as sárobair i gcur chun cinn na Gaeilge de.

Bronnadh mórdhuaiseanna eile ar Glór Cheatharlach, Glór na Móna, Béal Feirste agus Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire agus ba iad CLG Na Piarsaigh, Ros Muc i gContae na Gaillimhe a thug an duais CLG ina bhaile leo.

Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael ar theaghlach Shéamuis Mhic Géidigh as ucht a obair chraoltóireachta agus a ról i gcúrsaí forbartha pobail.
Chomh maith leis an Uachtarán, bhí urraitheoirí ó go leor eagras i láthair, Foras na Gaeilge agus Údarás an Gaeltachta ina measc.

Líosta iomlán de dhuaiseanna:

Príomhdhuais Ghlór na nGael: Cumann Forbartha Chois Fharraige

 

Duaiseanna Speisialta (urraithe)

Duais Ógras €700 Cumann Gaelach Leath Chathail, Co. an Dúin

Duais Chonradh na Gaeilge €1,000 Craobh Mhaigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe

Duais an Fhorais Pátrúnachta €1,000 Gaeil Chill Dara

Duais an Fháinne (Gael Linn) Dearbhán €1,000 Bóirche Íochtar, Co. an Dúin

Duais COGG €2,000 Glór Locha Riach, Co. na Gaillimhe

Duais Chomhairle Chontae na Gaillimhe €1,500 Ros Muc 1916, Ros Muc, Co. na Gaillimhe

Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall €1,500 Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall

Duais Chló Iar-Chonnacht Dearbhán €1,000 Cumann Forbartha Chois Fharraige, Gaillimh

Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta £1,500stg Glór na Spéiríní, Baile na Scríne, Doire

Duaiseanna Speisialta (Foras na Gaeilge)

Duais Chúigeach do Choistí Deonacha €1,500 an ceann

Cúige Chonnacht – Glór Chluainín, Co. an Liatroim

Cúige Mumhan – Clochán Bhréanainn, Co. Chiarraí

Cúige Laighean – Gaeil Chill Dara

Cúige Uladh & an Iontráil Nua is Fearr €1,000 Cairdeas Eoghain, Co. Thír Eoghain

Duais Aitheantais €1,000 Club na Sionna, Co. an Chláir

GRADAM GHLÓR NA nGAEL Séamus Mac Géidigh

Comórtas CLG

Duais Chúige Mumhan €500 CLG na Gaeltachta, Baile na nGall, Ciarraí

Duais Chúige Laighean €500 CLG Chaisleán Cnucha, Caisleán Cnucha, BÁC

Duais Chúige Uladh €500 CLG na Sáirséalaigh, Cill Laobháin, Muineachán

Duais Chúige Chonnacht €500 Na Piarsaigh, Ros Muc, Gaillimh

Buaiteoir Náisiúnta €1,000 Na Piarsaigh, Ros Muc

Liosta na dTorthaí do Chomórtas 2016

Coistí le Daonra faoi bhun 4,000

1ú Duais €4,000 Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire

2ú Duais €3,000 Bóirche Íochtar, Co. an Dúin

3ú Duais €2,000 Glór Uachtar Tíre, Co. an Dúin

Coistí le Daonra ó 4,000 – 20,000

1ú Duais €4,000 Glór na Móna, Béal Feirste

2ú Duais €3,000 Cairde Teo, Ard Mhacha

3ú Duais €2,000 Pobal ar a’n Iúl, an Ómaigh, Co. Thír Eoghain

Coistí le Daonra 20,000 +

1ú Duais €4,000 Glór Cheatharlach

2ú Duais €3,000 Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste

3ú Duais €2,000 Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste

Coistí Gaeltachta (Urraithe ag Údarás na Gaeltachta)

1ú Duais €4,000 Cumann Forbartha Chois Fharraige, Gaillimh

2ú Duais €3,000 Comharchumann Mhic Dara, an Cheathrú Rua, Gaillimh

3ú Duais €2,000 Comhlacht Forbartha na nDéise, Port Láirge