Fógraíodh buaiteoirí Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael maidin Déardaoin 17 Aibreán ar chlár speisialta de chuid Bharrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Is iad Coiste Forbhartha Charn Tóchair as Contae Dhoire a bhain an chéad áit amach as na coistí ar fad leis an phríomhdhuais a bhaint i mbliana, le Coiste Forbartha Dhobhair as Gaeltacht Thír Chonaill ag glacadh dara háit, agus Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar sa tríú háit. Chomh maith le sin, bronnfar duaiseanna rannóga ar ghrúpaí a rinne éacht i rannóg ar léith.
Príomhdhuais an Chomórtais:
Tríú háit: Conradh na Gaeilge Boirche Íochtair
Dara háit agus duais €5,000: Coiste Forbartha Dhobair Teo
Céad áit agus duais €15,000: Coiste Forbartha Charn Tóchair
Is iad seo na buaiteoirí sna rannóga ar fad:
Duaiseanna Rannóige an Chomórtais
An Óige:
Dara áit: Coiste Forbartha Dhobhair Teo
Céad áit: Coiste Forbartha Charn Tóchair
Oideachas:
Dara áit: Coiste Forbartha Charn Tóchair
Céad áit: Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar
An Teaghlach:
Dara áit: Comhlucht Forbartha na nDéise
Céad áit: Cill Dara le Gaeilge
Tacaíochtaí Pobail & Folláine:
Dara áit: Coiste Forbartha Chnoc Fola
Céad áit: Coiste Forbartha Dhobhair Teo
Gnó & Fiontraíocht:
Dara áit: Glór Cheatharlach
Céad áit: Comharchumann Mhic Dara
Tograí Cosanta Comhshaol, Caomhnaithe Oidhreachta:
Dara áit: Comharchumann Mhic Dara
Céad áit: Comhlacht Forbartha Inis Meáin
Labhairt na Gaeilge:
Dara áit: Coiste Forbartha Charn Tóchair
Céad áit: Líonra Leitir Ceanainn
Rannóg na Gaeltachta:
Dara áit: Coiste Forbartha Dhobhair Teo
Céad áit: Comhlucht Forbartha na nDéise
Tá Glór na nGael buíoch d’urraitheoirí an chomórtais:
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a dhéanann urraíocht ar an phríomhdhuais, agus Foras na Gaeilge a thugann tacaíocht reatha don obair a dhéanann muid.