Site logo

Duaiseanna Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael 2022 bronnta in Ard Mhacha

Ag ócáid bhronnta Chomórtas Náisiúnta Ghlór na nGael a bhí ar siúl in Óstán Chathair Ard Mhacha oíche Shathairn 15 Aibreán 2023 bronnadh an príomhdhuais €15,000 & Trofaí Foras na Gaeilge i gComórtas Náisiúnta Ghlór na nGael don bhliain 2022 ar Choiste Forbartha Dhobhair Teo (Ionad Naomh Pádraig). Bhain an coiste an chéad duais sa rannóg Cosaint Comhshaoil, Oidhreacht, Spioradáltacht  agus an dara áit sna rannóga Teaghlaigh agus Gaeltacht den chomórtas. Tháinig Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne sa dara áit, duais €5,000 as an dara áit sa chomórtas a bhaint amach agus an príomhdhuais €3,000 sa rannóg teaghlaigh. I gComórtas na gCumann Gaelacha sna Coláistí Tríú Leibhéal bhain An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh an 1ú Duais ­€3,000. Duaischiste de luach €80,000 ina iomláine a bronnadh ag an ócáid bhliantúil Ghlór na nGael ar choistí pobail agus cumainn 3ú leibhéal, mar aitheantas ar an obair a dhéanann siad leis an Ghaeilge a neartú agus a bhuanú.

Bronnadh an gradam speisialta, Gradam Ghlór na nGael, ar Rónán Mac Aodha Bhuí as an méid atá déanta aige ó na nóchaidí i leith ar son na teanga. Ag labhairt dó leis an slua ar nasc físe as Colorado Meiriceá ghabh Rónán buíochas ó chroí le Glór na nGael as ucht an Gradam agus as an aitheantas. Rinne sé comhghairdeas leis na coistí pobail agus na cumainn 3ú leibheál uilig a bhain duais as a gcuid oibre ar son na Gaeilge.

Rinneadh moltóireacht ar obair na gcoistí in 2022 i mí Eanáir 2023. Bhí 46 coiste cláraithe don chomórtas náisiúnta agus chuaigh 42 acu faoi mholtóireacht. Bhí ionadaithe ó breis agus fiche coiste pobail i láthair ag an bronnadh chomh maith le urraitheoirí agus maoinitheoirí, Foras na Gaeilge, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Údarás an Gaeltachta ina measc.

Bunaíodh Comórtas Ghlór na nGael breis agus 60 bliain ó shin chun aitheantas a thabhairt ar obair choistí agus ghrúpaí pobail ar fud na tíre i gcur chun cinn na Gaeilge.

Buaiteoirí – Duaiseanna Ghlór na nGael 2022

Príomhdhuais Ghlór na nGael

Céad áit €15,000 & Trofaí Fhoras na Gaeilge: Coiste Forbartha Dhobhair Teo (Ionad Naomh Páraig)

Dara áit, €5,000 : Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne

Gradam Ghlór na nGael

Rónán Mac Aodha Bhuí

Duaiseanna Rannóige an Chomórtais

An Óige:
Céad áit, €3,000 : Cumann Forbartha Chois Fharraige
Dara áit, €2,000 : Muineachán le Gaeilge

Oideachas:
Céad áit, €3,000 : Ionad Uíbh Eachach, Béal Feirste
Dara áit, €2,000 : Conradh na Gaeilge Boirche Íochtar, Áth na Long, Co. an Dúin

An Teaghlach:
Céad áit, €3,000 : Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Dara áit, €2,000 : Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall

Sláinte Intinne & Coirp:
Céad áit, €3,000 : Togra Fiontar & Cultúr Uladh Ctr, Machaire Rabhartaigh, Co. Dhún na Gall
Dara áit, €2,000 : Glór na Móna, Béal Feirste

An Stát agus Gnó:
Céad áit, €3,000 : Líonra Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Dara áit, €2,000 : An Droichead, Béal Feirste

Cosaint Comhshaoil, Oidhreacht, Spioradáltacht:
Céad áit, €3,000 : Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall
Dara áit, €2,000 : Coiste Cheathrú Thaidhg – Dún Chaocháin, Co. Mhaigh Eo

Imeachtaí agus Deiseanna Labhartha na Gaeilge:
Céad áit, €3,000 : Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Béal Feirste
Dara áit, €2,000 : An Droichead, Béal Feirste

Rannóg na Gaeltachta:
Céad áit, €3,000 : Coiste Cheathrú Thaidhg – Dún Chaocháin, Co. Mhaigh Eo
Dara áit, €2,000 : Coiste Forbartha Dhobhair Teo, Co. Dhún na nGall

Duaiseanna Speisialta an Chomórtais

Duais an Fháinne, urraithe ag Gael-Linn, €500 : Muineachán le Gaeilge

Duais Chló Iar-Chonnacht, luach €1,000 : Gaeilge Locha Riaich, Co. na Gaillimhe

Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe, €1,500 : Comhar Chuigéal, Conamara

Duais Chomhairle Contae Dhún na nGall, €2,000 : Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair

Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta, £1,500 : Cultúrlann Uí Chanáin, Doire

Duais an Fhorais Pátrúnachta, €1,000 : Cill Dara le Gaeilge, Co. Chill Dara

Duais Aitheantais Gradaim, €1,000 : Dúchas an Daingin, Co. Chiarraí

Duais an Oireachtais, €1000 : Coiste Forbartha Charn Tóchair, Co. Dhoire

Duais an Timire, €750 : Cairde Teo, Ard Mhacha

Duais don Iontráil Nua is fearr, €1,000 : Na Gaeil Óga, Baile Átha Cliath

Comórtas na gCumann Gaelacha sna Coláistí Tríú Leibhéal urraithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna

1ú Duais ­ €3,000 – An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

2ú Duais ­ €2,000 – Cumann Gaelach Ollscoil na hÉireann Gaillimh

3ú Duais ­ €1,500 – Cuallacht Cholmcille, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad

Duais Tras-Phobail ­ €1,000 – An Cumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath

Duais Tras­-Teorainn ­ €1,000 – An Chuallacht, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Duais Aitheantais – Obair Mheabharshláinte ­ €1000 – An Cumann Gaelach, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Duais Aitheantais –  An Ghaeilge ar na Meáin Shóisialta ­ €750 – An Cumann Gaelach, Ollscoil Luimnigh