Site logo

Duais Aitheantais GRADAIM bronnta ar Dhúchas an Daingin

Bronnadh duais aitheantais GRADAIM Gnó na hÉireann ar Dhúchas an Daingin, an eagraíocht atá ag cur plean teanga Dhaingean Uí Chúis i bhfeidhm. Rinne Dúchas an Daingin obair as cuimse le linn 2022 chun an scéim GRADAIM a chur chun tosaigh sa bhaile sin. Chuidigh foireann agus baill an ghrúpa le 35 gnó clárú leis an scéim agus chun ullmhú don mholtóireacht.

Bronnadh an duais aitheantais ar Dhúchas an Daingin ag mórócáid bhronnta Ghlór na nGael in Ard Mhacha oíche Shathairn 15ú Aibreán. Is í Cristín de Mórdha, Oifigeach Pleanála Teanga a ghlac leis an duais.