Draíocht an tsorcais trí mheán na Gaeilge

Bhí deis den scoth ag na céadta teaghlach le déanaí blaiseadh de dhraíocht an tsorcais a fháil trí mheán na Gaeilge agus sraith speisialta curtha i láthair ag Shorcas Duffy. Cuireadh na himeachtaí ar fáil mar chuid de Cultúr 2026 le maoiniú ó Cultúr Éireann trí chomhpháirtíocht idir Chonradh na Gaeilge agus Glór na nGael a scaip an t-eolas i measc na nGael. Dea-scéal… beidh tuilleadh léirithe den Sorcas trí Ghaeilge ar siúl idir seo agus deireadh na bliana!

Bhí an chéad léiriú ar siúl i Maigh Nuad, áit ar fhreastail breis agus 70 dár dteaghlaigh ar an seó. Ina dhiaidh sin, tháinig os cionn 200 duine le chéile ag an léiriú i gCluain Tarbh. Ar feadh dhá uair an chloig, bhain idir óg agus aosta sult as siamsaíocht, atmaisféar spleodrach agus eispéireas teaghlaigh den scoth agus é ar fad ar fáil trí Ghaeilge!

Bhí an t-aiseolas a fuaireamar ó na teaghlaigh thar a bheith dearfach. Chomh maith leis an seó iontach féin, luaigh roinnt tuismitheoirí gur bhuail siad le teaghlaigh Ghaelacha eile nár casadh orthu riamh roimhe sin. Léiríonn sé sin an ról tábhachtach atá ag ócáidí den chineál seo i neartú agus i leathnú phobal na Gaeilge.

Ní hamháin go gcuireann na himeachtaí seo deis ar fáil do pháistí an Ghaeilge a chloisteáil agus a úsáid i gcomhthéacs spraíúil, nádúrtha, ach cruthaíonn siad spás inar féidir le teaghlaigh aithne a chur ar a chéile, cairdeas a chothú agus a líonraí sóisialta Gaeilge a fhorbairt. Is iontach an rud é an oiread sin teaghlach a fheiceáil ag teacht le chéile agus ag baint taitnimh as mór-ócáid shiamsaíochta trína dteanga féin.

Beidh tuilleadh léirithe den Sorcas trí Ghaeilge ar siúl sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn i dTamhlacht, i gContae Lú, sa Mhuileann gCearr, i nDún Laoghaire agus i nGleann na Life.

Gabhaimid buíochas ó chroí le Sorcas Duffy, a rinne teagmháil le Conradh na Gaeilge faoin tionscnamh, le Conradh na Gaeilge, a chuir na ticéid ar fáil dúinne, agus le Cultúr Éireann as an mhaoiniú flaithiúil. Is sampla den scoth é seo den mhéid ar féidir a bhaint amach nuair a thagann eagraíochtaí le chéile chun eispéiris shaibhre, chuimhneacha agus imeachtaí lán-Ghaeilge a chur ar fáil do theaghlaigh. 

Is féidir teagmháil a dhéanamh le tara@glornangael.ie má tá breis eolais uaibh faoi imeachtaí i mBaile Átha Cliath.

Roghnaigh do theanga / Choose your language