Tá lúchair orainn go bhfuil sé ar chumas Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha deontas aon-uaire a thairisicint do chlubanna arís i mbliana.
Tá lúchair orainn a fhógairt go bhfuil Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ag tairiscint deontas aon-uaire do chlubanna arís i mbliana.
Tá deontas de €700 á sholáthar do 24 club atá cláraithe le scéim Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ionas go mbeidh siad in ann blitzchomórtas peile/iomána a eagrú idir bhunscoileanna nó meánscoileanna ina gceantar feidhme. Déanfar na hiarratais a mheas de réir rannpháirteachais na scoileanna, agus tionchar teanga an togra atá beartaithe.
Beidh tionchar mór ag an deontas aon-uaire seo atá dírithe ar lá blitz peile nó iomána ar chlubanna CLG, bunscoileanna agus meánscoileanna maidir le forbairt na Gaeilge trí spórt. Tabharfaidh sé deis do pháistí agus do dhaoine óga an teanga a úsáid go nádúrtha agus iad ag glacadh páirte i gcluichí spraíúla,, rud a chuirfidh borradh faoi fhoghlaim agus faoi mhisneach teanga. Is gá don iarratas a bheith istigh chugainn faoi 17:00 ar an Aoine seo chugainn, an 22 Samhain 2024.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar mhaithe le clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a léamh anseo nó bí i dteagmháil linn ag clg@glornangael.ie