Bhí lúcháir mhór ar Ghlór na nGael tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do 74 fochumann CLG in 24 contae sa tír mar chuid de scéim deontas Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Bronnadh deontais de €31,491 ar chlubanna le tacú leo cur le húsáid, le foghlaim agus le hinfheictheacht na teanga. Chomh maith leis an infheistíocht ó Ghlór na nGael, cuireann na clubanna maoiniú meaitseála ar fáil ag leibhéal €1 amháin do gach €2 ón deontas, agus mar sin is infheistiú de ar a laghad €47,236.50 é leis an Ghaeilge a chur chun cinn i gclubanna CLG.
D’éirigh le 16 club maoiniú a fháil le cuidiú leo tacú le teaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí trí mheán na Gaeilge. Chomh maith leis sin, bronnadh deontais freisin ar roinnt mhaith clubanna le ranganna Gaeilge a reachtáil do dhaoine fásta agus do pháistí is daoine óga, ranganna athbhreithnithe do dhaltaí Ardtéistiméireachta agus Ard Leibhéal san áireamh. D’éirigh le roinnt clubanna eile deontas a fháil le srath imeachtaí sóisialta a eagrú trí mheán na Gaeilge, le meascán de pop-up Gaeltachtaí, ceardlanna ealaíne, ceoil agus rince agus cainteanna ar an Ghaeilge agus ar an oidhreacht áitiúil.
Tá 214 club cláraithe leis an Fhondúireacht i 31 contae na tíre chomh maith le 9 mbord contae i mbliana cheana féin agus tá clubanna ag clárú leo go fóill. Tá fóraim de chlubanna eagraithe i ngach contae sa tír le h-oifigigh Ghaeilge na gclubanna a thabhairt le chéile le smaointí, taithí agus eispéiris a roinnt, chomh maith le roinnt mhaith cruinnithe duine le duine le tacú le clubanna atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn dá gcuid baill agus pobal.
Beidh an dara babhta de dheontais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha ar oscailt sa Samhradh agus cuirfear tuilleadh eolais faoin dóigh le cur isteach air chuig gach club atá cláraithe leis an scéim. Beidh na clubanna ag obair ar a bplean féin leis an Ghaeilge a chur chun cinn agus beidh moltóireacht ar na clubanna ar siúl i mí Dheireadh an Fhómhair i mbliana roimh ócáid bhronnta na mbonn, a bheas ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ag tús mhí na Nollag.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar mhaithe le clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a léamh ag https://www.glornangael.ie/clg/ nó bí i dteagmháil linn ag clg@glornangael.ie.