Deontais bronnta ar bhreis agus 70 club CLG

Bhí lúcháir mhór ar Ghlór na nGael tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do 71 fochumann CLG in 24 chontae sa tír mar chuid de scéim deontais Fhondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha. Bronnadh deontais de €31,930 ar chlubanna le tacú leo cur le húsáid, le foghlaim agus le hinfheictheacht na teanga. Chomh maith leis an infheistíocht ó Ghlór na nGael agus ón gCumann Lúthchleas Gael, cuireann na clubanna maoiniú meaitseála ar fáil ag leibhéal €1 amháin do gach €2 ón deontas, agus mar sin is infheistiú é de ar a laghad €47,895 leis an Ghaeilge a chur chun cinn i gclubanna CLG.

D’éirigh le 6 chlub maoiniú a fháil le cuidiú leo tacú le teaghlaigh atá ag tógáil a gcuid páistí trí mheán na Gaeilge. Bronnadh deontais ar roinnt mhaith clubanna le comharthaíocht a chur in airde, le ranganna Gaeilge a reachtáil do dhaoine fásta, do pháistí agus do dhaoine óga. D’éirigh le roinnt clubanna eile deontas a fháil le sraith imeachtaí sóisialta a eagrú trí mheán na Gaeilge, le meascán de pop-up Gaeltachtaí, pictiúrlann Gaeilge, ceardlanna dúlra, ceol, rince agus cainteanna ar an Ghaeilge agus ar an oidhreacht áitiúil.

Tá breis agus 240 club cláraithe leis an Fhondúireacht i 31 contae na tíre i mbliana. Tá fóraim de chlubanna eagraithe i ngach contae sa tír le h-oifigigh Ghaeilge na gclubanna a thabhairt le chéile le smaointí, taithí agus eispéiris a roinnt, chomh maith le roinnt mhaith cruinnithe duine le duine le tacú le clubanna atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn dá gcuid baill agus pobal.  

Tá clubanna ag ullmhú le tabhairt faoi mholtóireacht faoi láthair agus iad ar thóir bonn cré-umha, airgid nó óir mar aitheantas ar an obair iontach atá ar siúl sna clubanna leis an Ghaeilge a chur chun cinn. Bronnfar na boinn ar na clubanna rathúla ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh ar 4ú Nollaig. 

Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid Chumann Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, ar mhaithe le clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is féidir tuilleadh eolais faoin scéim a léamh ag https://www.glornangael.ie/clg/ nó bí i dteagmháil linn ag clg@glornangael.ie.

Roghnaigh do theanga / Choose your language