Site logo

Denis Kelly & Áine Laffin

  • Gaeilge amháin a labhraítear sa teaghlach

Tá cónaí ar Denis agus Áine i Luimneach lena mic Fionn, Odhrán agus Setanta agus tá babaí beag eile ar an bhealach acu fosta. Níor tógadh Denis ná Áine le Gaeilge agus níor fhreastail ceachtar acu ar Ghaelscoil. Chuaigh Áine chun na Gaeltachta cúpla uair agus bhí múinteoirí iontacha aici a raibh an-suim acu sa Ghaeilge agus b’shin a mhúscail an tsuim sa teanga inti. Bhí an-suim ag máthair Denis sa Ghaeilge agus chuir sí chun na Gaeltachta é naoi n-uaire as a chéile. Ní raibh sé in ann focal Gaeilge a rá ar an chéad lá riamh ach de réir a chéile d’fhás a mhuinín agus a chumas Gaeilge. Mar gheall air seo, creideann sé féin go bhfuil nasc láidir idir ‘craic’ agus foghlaim na teanga agus is é sin an cur chuige atá go fóill aige go dtí an lá inniu.

Tá deartháir Áine pósta ar cheoltóir as Meiriceá agus bhí an-mheas aici ar chultúr na nGaeil. D’iarr sí féin ar a fear na páistí a thógáil le Gaeilge, rud a rinne sé, agus nuair a bhíodh na páistí ag teacht ar cuairt, d’iarr siad ar Denis agus Áine Gaeilge a labhairt leis na páistí ionas go gcluinfeadh siad daoine eile ag labhairt as Gaeilge. Chonaic Denis agus Áine chomh éasca agus a bhí sé Gaeilge a labhairt le páiste atá óg go leor go fóill agus chinn siad ansin a bpáiste, nár rugadh go fóill, a thógail le Gaeilge. D’athraigh siad teanga an tí go Gaeilge i mí Eanáir agus rugadh a gcéad pháiste Fionn i mí Iúil na bliana sin.

Rugadh Fionn agus an teaghlach ina gcónaí i gCill Dara, áit a bhfuil greasán láidir de theaghlaigh atá ag tógáil páistí le Gaeilge. Bhí lear mór tacaíochta ansin dóibh agus bhí siad in ann freastal ar ranganna Gaeilge le Fionn, rud a bhí iontach cuidiúil ar fad dóibh. Ní raibh mórán ar siúl i Luimneach ó thaobh teaghlaigh le Gaeilge de ar dtús báire ach bhí aithne acu ar roinnt daoine a raibh Gaeilge mar theanga an tí acu. Tharla sé cúpla uair go bhfuair siad amach go raibh imeacht Gaeilge ag dul ar aghaidh cúpla lá i ndiaidh na himeachta agus mhothaigh siad go raibh gá le greasán, ionas gur féidir eolas mar sin a roinnt leis na teaghlaigh a mbeadh suim acu ann. Tháinig siad le chéile agus d’athbhunaigh siad Comhluadar Luimnigh agus tá gréasán den scoth anois acu i Luimneach. D’eagraíodh siad féin imeachtaí roimh Covid agus tá breis agus 100 duine ar ghrúpa Whatsapp anois acu le gur féidir leo go fóill a bheith i dteagmháil lena chéile go laethúil. Deir Áine go gcuidíonn sé go mór go bhfuil an Ollscoil agus an Gaelscoil ar leac an dorais acu agus is buntáiste ollmhór é dóibh nach bhfuil siad in áit iarghúlta, agus go bhfuil na háiseanna sin ar fad congórach dóibh. Síleann Denis go bhfuil tabhacht leis an gréasán seo, ní hamháin do na páistí ach do na tuismitheoirí fosta le gur féidir leo labhairt lena chéile agus bualadh le tuismitheoirí eile a thuigeann an saol atá acu.

Labhraíonn Denis agus Áine Gaeilge amháin leis na páistí, fiú nuair atá daoine thart orthu nach bhfuil Gaeilge acu, cé go mbíonn siad ag caint Béarla leis na daoine eile. Tá cónaí ar mháthair Áine, Martha, leis an teaghlach fosta agus cé go bhfuil Gaeilge aici, níl sí iomlán compordach á labhairt. Déanann sí a dícheall leis na páistí agus bhíodh sí ag freastal ar chiorcal comhrá roimh Chovid ach mothaíonn siad in amanna go bhfuil orthu iompú ar an Bhéarla nuair atá siad ag caint le daoine fásta eile le go dtuigfidh Martha cad é atá á rá acu. Tuigeann siad nach ndearna Martha cinneadh Gaeilge a labhairt sa teach agus tuigeann siad go labhraíonn sí í mar gheall orthu, mar sin mothaíonn siad gur chóir meas a léiriú di agus í a chur ar a compord ina teach féin. Mothaíonn Denis go bhfuil an t-ádh orthu go bhfuil teaghlach le Gaeilge ina gcónaí béal dorais anois agus tá páistí ansin atá ar an aois chéanna le Setanta agus Odhrán.

Deir Áine go n-éiríonn sé níos deacra Gaeilge a labhairt leis na páistí agus iad ag éirí níos sine. Tá rudaí ar an teilifís a bhfuil an-suim ag Fionn iontu anois ach níl siad ar fáil ach i mBéarla. Chomh maith leis sin, nuair a thosaigh sé ar scoil bhí sé de nós aige Béarla a labhairt nuair a thagadh sé abhaile. Bíonn Fionn ag labhairt níos mó Gaeilge nuair atá a chol ceathracha thart mar go bhfeiceann sé gur gnáthrud é Gaeilge a labhairt. Bíonn Fionn ag labhairt Béarla i gcomhluadar Béarla agus Gaeilge i gcomhluadar Gaeilge ach bíonn Odhrán ag labhairt Béarla den chuid is mó den am. Tá neart focail ag Odhrán nach bhfuil aige ach i nGaeilge agus mar sin féin, bíonn air iompú ar an Ghaeilge nuair a tharlaíonn sin. Ní cheartaíonn Denis Béarla na bpáistí agus in amanna bíonn Béarla acu le rialacha gramadaí na Gaeilge. Nuair a thosaigh Fionn ar scoil, chuir sé ‘bag school’ ar a mhála scoile agus sin atá sa teaghlach go fóill. Níl siad buartha faoi Bhéarla na bpáistí mar tiocfaidh sin de réir a chéile.

Tuigeann Denis go bhfuil sé níos fusa dóibh a bpáistí a thógáil le Gaeilge mar gheall go bhfuil Gaeilge ag an bheirt acu. Níl Gaeilge ag bean a dheartháir céile agus feiceann sé go bhfuil sé níos dúshlánaí dó féin. Chomh maith leis sin, tá saol sóisialta Gaeilge acu agus bíonn siad in ann plé a dhéanamh le tuismitheoirí eile agus labhairt le cairde as Gaeilge.
Mothaíonn Áine go bhfuil tionchar an Bhéarla gach áit thart orthu atá deacair a sheachaint. Rinne sí iarracht neamhaird a dhéanamh ar na páistí nuair a thosaigh siad ag caint as Béarla léi ar dtús ach níor thaitin sin léi agus anois labhraíonn sí Gaeilge leo fiú nuair a labhraíonn siad Béarla ar ais. Tá Denis agus Áine go fóill ag foghlaim na Gaeilge agus ní maith leo go mbíonn siad ag teagasc rudaí do na páistí nach bhfuil cruinn ó thaobh na gramadaí de in amanna. É sin ráite, síleann Denis gur deis den scoth atá ann feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge féin agus mothaíonn siad go bhfuil buntáiste go leor ag baint leo ag foghlaim na teanga lena bpáistí.

Tá siad iomlán sásta leis an chinneadh a rinne siad a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Tá sé iontach dá bhféinmhuinín féin agus tá siad aitheanta anois san áit a bhfuil siad ina gcónaí mar gheall go bhfuil Gaeilge ag an teaghlach. Tugann seo deis dóibh labhairt le strainséirí agus scileanna sóisialta s’acu féin agus na bpáistí a fheabhsú.

Ó thaobh áiseanna foghlamtha de, baineann Áine úsáid as Focloir.ie agus Teanglann.ie le focail agus tearmaíocht a fháil maidir leis na páistí. Is breá le hÁine gur féidir léi rialacha gramadaí a lorg agus úsáid ceart a bhaint as na suíomhanna seo ach ba bhreá léi dá mbeadh dóigh éigin gur féidir léi abairtí iomlána a fháil as Gaeilge. Mar shampla, dá mbeadh sí ag iarraidh a rá “do your homework or you wont get to play, bíonn sí róghnóthach le cúramaí an tí agus ag tabhairt aire do na páistí le suí síos agus an freagra a lorg, mar sin ba bhreá léi teachtaireacht gutha a chur chuig duine nó aip éigin leis an t-eolas sin a fháil go furasta.

Níl siad in ann Cúla 4 a chur ar an teilifís mar gheall nach bhfuil an aip acu ar an teilifís chliste ach tá siad ag iarraidh seo a fháil amach anseo. B’fhearr leo go mbeadh stáisiúin teilifíse do pháistí ar fáil ar feadh an lae in áit ag amanna áirithe ar maidin. Ní bhaineann siad mórán úsáide as Youtube ná Teanga Tí go fóill ach síleann siad b’fhéidir gur cheart dóibh níos mó úsáid a bhaint astu leis na páistí. Is breá leis na páistí aipeanna, is cuma cén teanga ina bhfuil siad, mar sin síleann Denis gur fiú níos mó aipeanna a chur ar fáil do pháistí as Gaeilge.

Téann siad chuig an leabharlann go minic agus mothaíonn siad go bhfuil an t-ádh orthu mar gheall go bhfuil Gaeilge ag a leabharlannaí agus go bhfuil sí mar bhall den gréasán Gaeilge atá acu. Tá Áine ar bís leis an bhfás atá tagtha ar líon na leabhair Gaeilge do pháistí atá ar fáil anois, fiú i gcomparáid le cúig bliana ó shin. Bhí orthu stop a chur leo féin ag ceannacht leabhair Gaeilge ar deireadh!

Cuidíonn na leabhair Gaeilge go mór leo agus iad ag foghlaim focail agus tearmaí nua. Síleann siad gur rud iontach luachmhar atá iontu mar gheall go mbíonn siad féin ag foghlaim Gaeilge agus ag caitheamh ama leis na páisti fosta. Is breá leo na cluichi, ar nós Snap agus biongó mar go bhfuil siad oiriúnach do na páistí agus iad ar fad ag aoiseanna éagsúla. Baineann na páistí sult as míreanna mearaí Údar.ie fosta.

Mothaíonn siad go bhfuil gá le liosta de na hearraí atá ar fáil as Gaeilge agus go mbíonn sin úsáideach dóibh siúd atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge. Cé go bhfuil siad iontach gníomhach ó thaobh na Gaeilge de, cailleann siad féin rudaí atá ar fáil in amanna nó in amanna díreach ní smaoiníonn siad go mbeadh rudaí áirithe ar fáil as Gaeilge. Mar shampla, bhuail Áine le bean anuraidh a raibh geansaí Nollag ar a páiste agus roimhe sin ní raibh a fhios ag Áine go raibh a leithéid ar fáil.

Do dhaoine atá ag smaoineamh faoina gcuid páistí a thógáil le Gaeilge, síleann Denis gur chóir dóibh dul i dteagmháil le teaghlaigh a bhfuil Gaeilge mar theanga an tí acu cheana féin. Síleann sé go bhfuil grá agus neart acu siúd atá ar bhealach na Gaeilge cheana féin agus go mbeadh tuismitheoirí nua spreagtha aige seo. Tá Denis ag iarraidh nach mbeadh drogall ar dhaoine maidir le caighdeán na Gaeilge atá acu agus iad ag iarraidh a bpáistí a thógáil le Gaeilge. B’fhearr do dhaoine a bheith compórdach le cibé teanga atá acu.

Tá an-chur amach ag an bheirt ar sheirbhísí Ghlor na nGael agus bhí siad iontach buíoch as na leabhair a fuair siad do Chomhluadar Luimnigh. Tá siad ag iarraidh leabharlann a chur le chéile agus leas a bhaint as sin le daoine a tharraingt le chéile. Is maith leo go bhfuil Pádraig ar an ghrúpa WhatsApp agus go gcuidíonn sé leo in amanna. Ba mhaith leo dá mbeadh duine éigin ag cur giota brú orthu rudaí a eagrú nó smaointí a thabhairt dóibh. Ba mhaith leo cuidiú le himeachtaí a eagrú agus leis an plean forbartha a fhorbairt chomh maith le rudaí ar nós grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána.