Tá maoiniú €683,677 le cur ar fáil do Ghlór na nGael thar an chéad trí bhlian seo amach romhainn leis na scéimeanna Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha agus Teanga Tí a fhorbairt.
Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne a d’fhógair an maoiniú i gclubtheach CLG Finegallians i Sórd i mBaile Átha Cliath ar an 2 Deireadh Fómhair 2019.
Agus é ag cur fáilte roimh fhógra an Aire Stáit dúirt Cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey, gur aitheantas é seo ar fhiúntas na scéimeanna seo atá forbartha ag Glór na nGael le blianta anuas. Dar leis, is mór an tacaíocht a bheidh ann leis an obair thábhachtach a dhéanann an ceanneagraíocht leis an Ghaeilge a chur chun cinn sna pobail ar fud oileán na hÉireann.
Is scéim tacaíochta de chuid Ghlór na nGael agus de chuid an Chumainn Lúthchleas Gael í Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha le haghaidh clubanna CLG ar mian leo an Ghaeilge a chur chun cinn. Is é cuspóir na fondúireachta seo ná cúnamh a chur ar fáil do na clubanna i bhfoirm comhairle, tacaíochta agus smaointí le pleananna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar bhonn tomhaiste agus céimnithe. Is féidir deontas a lorg ón Fhondúireacht chun cuidiú leis na pleananna sin a chur i gcrích agus bronnfar bonn ar na clubanna le aitheantas a thabhairt as méid áirithe a bhaint amach ar son na teanga.
Is é is sprioc leis an scéim Teanga Tí, ná spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do theaghaigh an Ghaeilge a labhairt níos minice sa bhaile. Is scéim uile-ghabhálach í a fhreastalóidh ar riachtanais teanga teaghlaigh difriúla. Is féidir go mbeadh Gaeilge mheasartha ag tuismitheoirí agus iad ag iarraidh feabhas a chur lena gcumas nó iad ar bheagán Gaeilge ach ar mian leo caighdeán níos airde a bhaint amach.