Deireadh Seachtaine Teaghlaigh 21-23 Feabhra 2025

Beidh deireadh seachtaine teaghlaigh i gColáiste na Rinne i bPort Láirge ar an 21-23 Feabhra 2025. Tá an t-imeacht seo á n-eagrú i gcomhpháirtíocht le Comhlacht Forbartha na nDéise, Dún Garbhán le Gaeilge agus Coláiste na Rinne. 

Tá an deireadh seachtaine seo dírithe ar theaghlaigh le Gaeilge sa bhaile agus tabharfaidh sé deis do thuismitheoirí agus páistí ó fud fad na hÉireann teacht le chéile agus a gcuid Gaeilge a labhairt le spraoi agus craic. 

An bhliain seo caite d’fhan os cionn cúig déag teaghlach ar an suíomh thar oíche is bhí deich teaghlach linn ar chuairt lae. Bhí idir óg is aosta linn agus tháinig teaghlaigh ó fud fad na tíre chun bualadh lena chéile. B’ócáid fíor dheas é an t-imeacht seo anuraidh a nasc muintir na háite le teaghlaigh Ghaeilge eile tríd áisitheoirí áitiúla a thógaint isteach, daltaí meánscoile a thógaint isteach chun ceol a dhéanamh agus teaghlaigh áitiúla a tháinig isteach. 

Tá roinnt imeachtaí eagraithe ar nós ceardlann ealaíne, rith daite, scéalaíocht, siúlóidí, tógáil bothán agus i bhfad níos mó. 

Cuairteoirí oíche:

Cuirfear béilte, lóistín agus na himeachtaí ar fáil ag na praghasanna  seo ar leanas: 

  • €165 ar duine fásta 
  • €100 d’aon duine faoi 18
  • Saor in aisce do pháistí faoi 2  
  • €500 do theaghlaigh le ceathrar (beirt duine fásta san áireamh)
  • €550 do theaghlaigh le cúigear nó níos mó (beirt duine fásta san áireamh)

Is gá éarlais €50 a íoc roimh an 10ú Nollag chun freastal ar an imeacht seo. 

Cuirfear fáilte roimh chuairteoirí lae le béilí san áireamh ar chostas eile. 

Cuairteoirí lae in aghaidh an lae:

  • €45 ar duine fásta 
  • €25 d’aon duine faoi 18                
  • Saor in aisce do pháistí faoi 2  

Is gá éarlais €30 a íoc roimh an 10ú Nollag chun freastal ar an imeacht seo mar cuairteoir lae. 

Is féidir le daoine gur mhaith leo fanacht linn thar oíche clárú anseo agus is féidir le cuairteoirí lae clárú anseo

Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Elaine ar 086 165 5053 nó ar elaine@glornangael.ie

Roghnaigh do theanga / Choose your language