Beidh deis iontach do theaghlaigh teacht go dtí Gaeltacht na nDéise chun deireadh seachtaine spraoiúil a chaitheamh ann ón Aoine 17 go dtí an Domhnach 19 Feabhra 2017.
Tá an deireadh seachtaine á eagrú ag Coláiste na Rinne i bpáirt le Glór na nGael chun deis a thabhairt do theaghlaigh saoire a bheith acu i gceantar Gaeltachta. Beidh lóistín, béilí agus imeachtaí ar fad eagraithe don deireadh seachtaine.
Mar chuid d’imeachtaí na deireadh seachtaine, beidh amhránaíocht, cluichí do pháistí, turas go dtí an trá, ealaíon agus spórt. Beidh an féile cheoil traidisiúnta Tionól Niocláis Tóibín ar siúl sa Rinn ag an am gcéanna agus beidh deis ag na teaghlaigh atá ag freastal ar an deireadh seachtaine páirt a ghlacadh in imeachtaí an Tionóil saor in aisce.
Deir Bainisteoir Choláiste na Rinne, Liam Suipéil go “dtabharfaidh an deireadh seachtaine deis do thuismitheoirí agus páistí teacht le chéile agus gach aon ní eagraithe dóibh. Beidh seans acu spórt agus spraoi a bhaint as na himeachtaí éagsúla go léir in atmaisféar agus ceantar Gaeltachta.
“Beidh deis ag daoine meascadh le pobal na Gaeltachta agus aithne a chur ar an gceantar álainn seo.”
“Tá sé feicthe le blianta beaga anuas go bhfuil éileamh ann do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge deis a bheith acu teacht chun na Gaeltachta.
“Tá áthas orainn anois, ag comhoibriú le Glór na nGael agus an taithí atá acu sa réimse seo, go bhfuil Coláiste na Rinne ábalta an rogha seo a chur ar fáil do thuismitheoirí,” ar sé.
Chuir Bainisteoir Forbartha le Glór na nGael, Marcas Mac Ruairí le focail an Uasal Suipéil: “Is deis iontach é seo do theaghlaigh Ghaeilge atá ag iarraidh go mbeidh deis ag a bpáistí an eispéireas Gaeilge a bhlaiseadh taobh amuigh dá mbaile féin. Cuirfidh an t-imeacht go mór le taithí dearfach s’acu ar an teanga.”
Tá pacáistí éagsúla curtha le chéile don deireadh seachtaine le costas €120 do dhuine fásta agus €80 do pháiste don deireadh seachtaine, praghas a chlúdaíonn gach béile, lóistín agus imeachtaí. Beidh lacáiste curtha ar fáil ó Ghlór na nGael don triú pháiste in aon teaghlach agus gach páiste ina dhiaidh san.
Tá breis eolais le fáil ar shuíomh Choláiste na Rinne www.anrinn.com nó labhairt le 058 4 6128 nó ó Chabríní de Barra, Glór na nGael 083 445 5914 / cabrini@glornangael.ie