Site logo

Deireadh Seachtaine do Theaghlaigh le Déagóirí – Aibreán 2024

Tá áthas ar fhoireann Theanga Tí – Glór na nGael a fhógairt go mbeidh Deireadh Seachtaine do theaghlaigh le déagóirí ag titim amach in ionad gníomhachta Léim an tSionnaigh, Baile Uí Ghabhla, Co. Thír Eoghain Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh 13 – 14 Aibreán 2024. 

Is mó clú agus cáil atá ar an ionad gníomhachta as ucht a gcuid gníomhachtaí uathúla ar nós limistéir léime, tiomáint spéireachta, ziplíne agus luascadh mór agus anois tá na gníomhaíochtaí seo agus an eispéireas ar fáil go hiomlán trí mheán na Gaeilge acu. 

Tá costas £100 ann do dhuine fásta agus £50 do na déagóirí (duine ar bith faoi 18). Clúdaíonn an phraghas sin 5 ghníomhaíocht, lón, dinnéar, stopadh thar oíche agus bricfeasta an maidin dár gcionn. Tá na gníomhaíochtaí dírithe ar pháistí ó aois 12 ar aghaidh ach beidh rogha ann do pháistí ó aois 6 ar aghaidh. Beidh go leor deiseanna ann i rith an lae do na teaghlaigh ar fad teacht le chéile agus aithne a chur ar a chéile. 

Beidh éarlais £50 le híoc agus is féidir íoc as sin agus clárú anseo: 

Tá fáilte roimh chuairteoirí lae ach ar chostas eile, má tá tuilleadh eolais uait faoi sin nó aon ghné eile den deireadh seachtaine, is féidir dul i dteagmháil le Niamh: niamh@glornangael.ie

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi ionad gníomhachta Léim an tSionnaigh anseo: https://toddsleap.com/